17 Eanáir 2011

trí aistriúchán nua


Neil McLeod, cara liom san Astráil,
a chuir an buidéal fíona chugam.

Is dócha gur cuimhin le cuid agaibh go raibh scéim ar siúl agam leis an scéilín grinn Sean-Ghaeilge faoi thriúr manach a dhiúltaigh don saol a aistriú go dtí a lán teangacha éagsúla. Lig mé mo mhaidí le sruth ar feadh tamaill, ach tá mo chuid eangacha curtha agam arís. Tá trí aistriúchán nua ar an suíomh inniu: Gréigis Chlasaiceach, Gréigis an Tiomna Nua, agus Polari.

8 comments:

  1. Agus an bhfuil scéal ag dul leis an bhfíon?

    ReplyDelete
  2. Is fíon an-mhaith é, ach is ar mhaithe leis an triúr úd a chuir sé chugam é.

    ReplyDelete
  3. Níl a fhios agam cén fáth ar thug Taltarni “Three Monks” mar ainm ar an bhfíon seo, tríur manach sách beathaithe de réir dealraimh!

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir gur chuir an fíon deireadh le tost na manach?

    ReplyDelete
  5. Polari?!? Dochreidte! Caithfidh go bhfuil an-eolas agat ar an 'teanga' sin!

    ReplyDelete
  6. Tá scéal an-suimiúil taobh thiar di. Is oth liom a rá nár chuala mé riamh in úsáid í. Rugadh ró-dhéanach mé, agus ar an taobh contráilte den aigéan. Ach is deas an rud é nach bhfuair sí bás ar fad. Tá focail ar nós "naff, mince, basket, rough trade, hoofer” agus mar sin de beo fós sa Bhéarla (cé nach dtuigtear “naff” i Meiriceá).

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, is fiú súil a thabhairt ar an leagan Albainise / Scots. Tá sé an-bhlasta freisin, go háirithe an mionn san abairt dheireanach. Nod leat gurb ionann “semmit” agus “vest / singlet / tank top / wife beater”.

    ReplyDelete
  8. @ 'ach is ar mhaithe leis an triúr úd a chuir sé chugam é.'

    Cara súilaibí...:-)

    ReplyDelete