20 Eanáir 2011

seancheann maith



- Aidh sae, tá díomá an domhain orm gur lig tú broim roimh mo bhean!

- An-bhrón orm, ól tseap! Ní raibh a fhios agam gurbh é a seal é.

12 comments:

  1. Ach an bhfuil sé inaistrithe go Gaeilge? An ionann "roimh" agus "i láthair"?

    ReplyDelete
  2. ASG!

    A Aonghuis, is dóigh liom gurb é 'ahead of' an mhíthuiscint sa jóc seo, in áit 'in front of/before', mar a déarfá...;-)

    ReplyDelete
  3. ASG.

    Nuair a chonaic mé an "Aidh sae" ar dtús, cheapas gur nóta eile sa tsean-Ghaeilge a bhí i gceist!

    ReplyDelete
  4. ASG.

    Chuas ar thóir shanasaíocht an b-fhocail. Baineann McBain's úsáid as an téarma míochaine "crepitus ventris" seachas an f-focal sa Bhéarla. Is ón bhfocal Ind-Eorpach "bhrag" a eascraíonn "broim" agus tá sé gaolta leis an bhfocal Laidineach "fragor" a chiallaíonn "tuairt".

    ReplyDelete
  5. Ceapaim (!) gurb é an rud a bhí á phlé ag Aonghus ná conas ceann mar seo a aistriú:

    Ceist: What has four wheels and flies?

    Freagra: A garbage truck.

    ReplyDelete
  6. An ionann "roimh" agus "i láthair"?

    Ní go hiondúil, ach is dóigh liom (bhí orm smaoineamh air seo sular shocraigh mé ar Ghaeilge a chur air) gur féidir “roimh X” a úsáid leis an gciall “i láthair X, i bhfianaise X”. Tá spás chomh maith le ham i gceist leis an réamhfhocal seo. Deir An Foclóir Beag:

    ar aghaidh, os comhair, os coinne (cuir marc roimhe); chun cinn nó níos túisce in am nó i spás (romhat amach, an duine a bhí romham, tiomáin romhat iad; roimh a sé a chlog)

    ReplyDelete
  7. @ Ormondo - Tá mórán an tsanasaíocht chéanna agam anseo freisin.

    ReplyDelete
  8. gáire os ard!

    (tá tú ceangailte liom anois a chara, féach nó a d'fhagas)

    Grmma

    ReplyDelete
  9. Aidh sae, ól tseaps: cé go n-aontaím le hAonghus go bhfuil boladh an bhéarlachais ón fhocal "roimh" a úsáid sa chiall atá i gceist anseo, dearbhaím go hoifigiúil go bhfuil sé inghlactha, go háirithe más ar son grinn atá sé.

    ReplyDelete
  10. go háirithe más ar son grinn atá sé

    Liúntas crosáin?

    Géillim do thuairim na cúirte, mar sin.

    ReplyDelete
  11. "Aidh sae, ól tseap"
    ASG
    Bhain clisteacht an litrithe gáire asamsa. Na bac leis an jóc féin!

    ReplyDelete
  12. GRMA! Bhí mé an-sásta leis an litriú sin freisin, iph aidh dú sae só.

    ReplyDelete