10 Eanáir 2011

Savage America


Scríobh Séamas Poncán inniu:

“Chuala sibh, is dócha, gur lámhaíodh a lán daoine in Tuscon Arizona ar an deireadh seachtaine. Chuala sibh, gan dabht, to bhfuil daoine ag díriú a méara i dtreo Sarah Palin agus lucht na cóisire tae.”

Chuala, agus ní gan fáth atá an mhéar á treorú:


Treoracha gunna iad seo.

Chuir Ms. Palin a gcuid naimhde sa chross hairs gan dul ar chúl scéiche leis. Agus ná ligimis i ndearmad a mana clúiteach: “Don't retreat, RELOAD!”

Agus seo a ndúirt Ms. Giffords tamall ó shin le linn agallaimh:

“The way that she has it depicted has the crosshairs of a gun sight over our district, when people do that, they have got to realize there are consequences to that."

12 comments:

  1. Rugadh an cailín óg ar 9/11 agus anois tá na Westboros gránna chun dul chuig an sochraid.

    Rinne Palin iarracht an tweet reload a bhaint ó twitter ach rinne daoine é a athtweetáil cheana féin. Tá an léarscáil thuas fós le feiceáil ar FB

    ReplyDelete
  2. Tá tú níos cliste ná sin, Dennis.
    Féach
    Is léir nach bhfuil baint ar bith ag Palin leis an eachtra seo.

    ReplyDelete
  3. Is dóigh go bhfuil mo radharc ag leathnú orm nó is bocht mo chumas béarla.

    Shíl mé gur bhaist tú Salvage America ar do dhréacht. Bheinn ar a son.


    Fearn

    ReplyDelete
  4. Tragóid mhillteanach. Tá trua agam do mhuintir na ndaoine atá gointe, gortaithe, maraithe...

    ReplyDelete
  5. Creidim go mbíonn iarmhairtí ar fhocail agus ar íomhánna. Caithfear a bheith cúramach le focail bhagracha sa saol seo a bhfuil muid beo ann. Ní hionann "Beidh an bua againn oraibh!" agus "Tá ár gcuid gunnaí dírithe oraibh!"

    ReplyDelete
  6. Níl sé ceart fearg is fuath a dhíriú ar dhaoine nach bhfuil ciontach as aon rud mícheart.
    Dála an scéil, cá raibh tú nuair a bhíodh an gach dara duine ag guí ar son bás Bush? Ar luaigh tú an scannán a rinneadh faoina fheallmharú? Is dócha nach bhfaca mé sin.

    ReplyDelete
  7. Tá sé thar am agaibh thall tarraingt le chéile agus cur i gcoinne lucht foréigin laistigh agus lasmuigh; Ní acmhainn don Domhan ligean do cogaí inmheánach cultúr SAM dul ar aghaidh.

    ReplyDelete
  8. Tagaim le Dennis; bíonn iarmhairtí ar fhocail, agus cabhraíonn siad timpeallacht ghránna a chruthú ina bhfuil dúnmharú mar réiteach.
    Bhí na meáin thall, Fox go príomha, i bpáirt le lucht Tae agus an óinseach sin Palin ag spreagadh freagra mar seo ó ghealt éigin le fada.

    Le cúpla bliain anuas táim ag amharc ar na físeáin a chuireann Media Matters suas ar You Tube, agus mar gheall ar sin ní raibh iontas ar bith orm nuair a chuala mé gur lámhachadh polaiteoir.
    Thug mé buaille faoi thuairim ar an toirt gur Daonlathach a bhí ann agus gur vótáil sí ar son an Bhille um Leasú an Chórais Sláinte.

    ReplyDelete
  9. Fiú más amhlaidh an scéal i bhur n-intinn, ní hamhlaidh sa saol seo é. Más mian libh cúis a bheith ann, ní ionann sin agus go bhfuil sé ann. Cadhan aonar a rinne an drochbheart seo. Ní dóigh liom go bhfaca sé riamh an pictiúir sin, agus ba chuma, mar ní raibh aon bhagairt ar bith ann, agus ní bhíonn aon duine dínn ag moladh an taobh eile a mharú. Ní Charles Manson í Palin, pé rud a léann sibh sa Guardian nó an Huffington Post. Dúirt mé mo dhóthain eile ar mo bhlag féin (caomhach.blogspot.com). Ní leor an iomarca le daoine áirithe, faraor.
    I Meiriceá, is maith linn díospóireacht agus plé oscailte.

    ReplyDelete
  10. Non sequitur. Tá sé gealtach.



    Sátanaí?

    ReplyDelete
  11. Mar shaoránaigh den domhan thiar, táimid in ainm a bheith bródúil as forlámhas an dlí...

    Mar sin, cad faoi na dlíthe i dtaobh daoine a ghríosú chun dúnmharaithe, cad go beacht atá sonraithe iontu - an bhfuil a fhios ag éinne?

    An mbeadh a raibh foilsithe ag Palin ró-ghinereálta, mar shampla?

    ReplyDelete
  12. Mar fhreagra ar Dennis, alt le David Brooks san NYT

    http://www.nytimes.com/2011/01/11/opinion/11brooks.html?_r=1&scp=2&sq=david%20brooks%20columns&st=cse

    ReplyDelete