28 Eanáir 2011

rop lir do chlann



rop lir do chlann gainim lir

Go raibh do chlann chomh líomhar le gaineamh na farraige!

Is cuid de dhán í an bheannacht seo, dán a cuireadh i mbéal Phádraig Naofa agus atá le fáil in “Genelach Conmaicne” sa lámhscríbhinn Rawl. B 502 (fol. 87r).

Is maith liom an t-imeartas focal atá againn anseo leis an dá fhocal “lir”.

1) Is aidiacht é an focal “il” sa tSean-Ghaeilge. Ciallaíonn sí “líonmhar”. Bhí cleas acu ag an am sin nach bhfuil againn níos mó: an chéim chothraim nó the equative. Is í an chéim chothroim den aidiacht “il” (aidiacht mhírialta, dála an scéil) ná “lir”. Is ionann “lir” agus “chomh líonmhar (le)”.

2) Tá an focal “lear” againn fós. “Farraige, aigéan” an chiall atá leis (“dul thar lear”) agus is é an ginideach atá aige ná “lir”.



Chuir an bheannacht seo an íomhá seo i gcuimhne dom!

6 comments:

  1. Is álainn í an ghontacht sin. Rud eile tá imithe foshuiteach / guí na copaile: rop. "Rop tú mo bhuile." An féidir "go mba tú mo bhuile" a rá i nGaeilge an lae inniu? Go mba líonmhaire do shliocht ná gaineamh na farraige?

    ReplyDelete
  2. Agus an Lir céanna in ainm Mhanannáin mhic Lir?

    An bhfuil aon chuir síos ar an Lear úd?

    ReplyDelete
  3. An bhfuil gaol idir "il" agus "uile"?

    Agus an bhfuil an chéim chothraim in aon teanga eile?

    ReplyDelete
  4. @ Cailliomachas - Ceist mhaith. Tá “gura” againn sa Chaighdeán freisin:

    Go mba / gura seacht bhfearr a bheidh / bheas tú...

    Gura slán an scéalaií.

    Agus is cuimhin liom an t-amhrán Gàidhlig a thosaíonn “Guma slàn do na fearaibh...”

    Ach tá a fhios againn gur nathanna reoite iad seo.

    ReplyDelete
  5. Agus an Lir céanna in ainm Mhanannáin mhic Lir?

    Sin agat é: Manannán mac na farraige. Maidir le “Lear” mar phearsa miotaseolaíochta, níl aon eolas agam faoi.

    ReplyDelete
  6. An bhfuil gaol idir "il" agus "uile"?

    Is cosúil nach bhfuil. Ach is féidir go dtáinig "il" agus "viel" na Gearmáinise ón bhfréamh chéanna.

    Agus an bhfuil an chéim chothraim in aon teanga eile?

    Bhí céim chothraim sa Mheán-Bhreatnais freisin, cé nach raibh sí an-chosúil leis an gcéim chothraim sa tSean-Ghaeilge. Níl mé eolach ar aon teanga Ind-Eorpach eile a bhfuil a leithéid inti. Ach tá a lán teangacha eile ann!
    ;-)

    ReplyDelete