22 Eanáir 2011

réidh & aimhréidh



Rop réid rémunn cech n-aimréid!

Go raibh réidh romhainn gach aimhréidh!

Tá mé díreach tar éis an bheannacht seo, ó “Hymnus S. Colmani Mic Ui Cluasaigh,” a chur leis an gcnuasach Sengoídelc. Níl a fhios agam, áfach, an bhfuil mé i bhfách le comhlíonadh na guí seo go huile is go hiomlán. Is minic a bhíonn cosán réidh beagán leadránach.

5 comments:

  1. Nach cóir an clár mín a chur ar gach scéal suaite?

    ReplyDelete
  2. Bíonn coiríní ar an mbóthar réidh, muise!

    ReplyDelete
  3. Déarfainn go bhfuil ganntanas aoldatha ann de bharr a ró-úsáide sna blianta beaga.

    Maidir leis an nath leis an gclár mín, do chuala mé minic go leor ar an raidió é ach ní fhaca mé scríofa síos in áit é, agus níl sé san FGB ach an oiread.

    Ach is ann dó d'ainneoin... ?

    ReplyDelete