27 Eanáir 2011

poutine, currywurst, frito pie



Ainm: Poutine
Gnáthóg: Ceanada
Comhábhair: sceallóga, gruth, súlach donn



Ainm: Currywurst
Gnáthóg: An Ghearmáin
Comhábhair: ispín friochta, citseap, púdar curaí



Ainm: Frito Pie
Gnáthóg: Texas
Comhábhair: mála criospaí Fritos™ (arbhar Indian, salann, ola),
chile con carne, cáis

Is oth liom a admháil nár bhlais aon cheann de na - umm - sainbhianna seo riamh. Is cosúil go bhfuil a lán daoine sna tíortha seo nach féidir a ndóthain a fháil díobh. Nod libh go bhfuil trí phríomh-chomhábhar i ngach ceann.

4 comments:

  1. Tá Currywurst ite agam, cé gur fhág mé an citseap ar lár - is fearr liom mustard.

    Ach is ea Doner Kepab mo rogha bia ghasta i mBeirlín. Le cáis caoirigh más féidir.

    ReplyDelete
  2. Cheap mé gur mhaonáis a bhí sa ghruth ar dtús. Ba é anseo sa Ghearmáin ag deireadh na seachtóidí a leag mé mo shúile don chéad uair ar sceallóga le maonáis orthu.

    Tá go leor den dara ceann thuas ite agam. Bheadh an chéad cheann thuas inite freisin dá mbeadh an t-ocras ag gabháil duit. Nílim ró-chinnte faoin gceann thíos, áfach.

    Dála an scéil, bhí mearbhia agam féin le trí comh-ábhar agus mé i mo mhac léinn ollscoile fadó - saghas oidis mhearbhia arasáin a bhí ann.

    Cuir tuinnín ón gcanna ar phláta,
    clúdaigh le pónairí bacáilte téite (ón gcanna) é
    agus spréigh cáis chéadair ghrátáilte anuas ar sin.

    Finito!


    Más buan mo chuimhne, bhíodh teannas spreagúil éigin le mothú sa bhéal idir na comh-ábhair fhuara agus an comh-ábhar te, ach dá ainneoin sin ba bheag, ar chúis éigin, an ráchairt a bhíodh ar an oideas céanna.

    ReplyDelete
  3. "Ach is ea Doner Kepab mo rogha bia ghasta i mBeirlín. Le cáis caoirigh más féidir."

    D'ithinn é go minic tráth dá raibh ach nuair a osclaíodh an iomarca bialann nó siopaí a bhí ag díol an rud céanna deineadh scrios ar an bpraghas ar dtús agus ansin ar chaighdeán na feola. Faoi dheireadh bhí scannal faoi chaighdeán na feola go fiú mar bhí go leor di lofa.

    Ba bheag an fonn a bhí orm ina dhiaidh sin Döner a ithe.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom “corn chips” nó "totopes” ach bíonn an iomarca salainn orthu go minic. Saghas totope is ea an Frito, ach níos grueso ... níos tibhe. Pé scéal é bíonn a lán salainn orthu, más buan mo chuimhne, agus tá neart salainn sa chile agus sa cháis freisin. Ní dóigh liom go mbeinn in ann a leithéid a ithe gan buidéal beora nó dhó leis an salann a bhá!

    ReplyDelete