06 Eanáir 2011

níos fearr ná marmaláid



Rollóg arán caiscín, tóstáilte le seacláid uirthi! Tháinig an tseacláid - seacláid dhubh, ar ndóigh - ó phuimcín seacláide a raibh brat óir - an-tanaí ar fad - air. Tá an t-ór, atá inite, le brath ar chraiceann na seacláide leáite.

7 comments:

  1. Cén saghas rud é puimcín seacláide?

    Seacláid i bhfoirm puimcín, an ea?

    ReplyDelete
  2. Sea. Chomh mór le húll agus folamh.

    ReplyDelete
  3. Cheannaigh mé ar lascaine é tar éis Oíche Shamhna.
    :-)

    ReplyDelete
  4. Caithim a admháil, a Dennis, nuair a chonaic mé an pictiúir sin ar dtús, cheapas go raibh Michael agus Molly ar a seanléim arís!

    Táim féin an-tógtha le Marmite, tar éis dom clár de chuid Nigella Lawson a fheiceáil agus í á chur ar spaghetti. Spaghetti, Marmite agus roinnt Parmesan. Éasca péasca. Agus blasta gan a bheith casta.

    ReplyDelete
  5. Agus blasta gan a bheith casta.

    An-deas mar nath! Tusa a chum é?

    Maidir le Marmite, ní itheann Meiriceánaigh é.

    ReplyDelete
  6. @ 'cheapas go raibh Michael agus Molly ar a seanléim arís!'

    Rith smaoineamh mar é liomsa freisin...:-)

    ReplyDelete
  7. @ "blasta gan a bheith casta", sílim gur chum mé é, nílim cinnte. Bheadh sé go deas mar theideal cláir. Caithfidh mé iarratas a chur isteach go h-oifig choimisiúnaithe TG4.

    ReplyDelete