10 Eanáir 2011

leabhar dathúcháin?



Cur lob~ dia dema~~ beth a cur

Gur logha Dia d'Éamann bheith ag cur



datha sa leabhur so aidchi domnaid

datha sa leabhar seo oíche Domhnaigh.



Tá an ghuí cheartaiseach seo le fáil sa lámhscríbhinn Laud 610 (fo. 116r). Seo thuas sampla den dathú atá i gceist, beagán deirg curtha ar na ceannlitreacha sa téacs. Rúibriciú an t-ainm teicniúil ar a leithéid.

Más ar oíche Domhnaigh a bhí Éamann ag rúibriciú leis, ní ar an lá féin, cá raibh an fhadhb? Ní hansa. De réir dlí eaglasta na hÉireann, lean an tSabóid ó easparta Dé Sathairn go teirt Dé Luain, .i. ó dhul faoi na gréine an lá roimhe go dtí a naoi a chlog an lá ina dhiaidh.

2 comments:

  1. Ní raibh mórán acu le bheith buartha faoi,
    iontach suimiúil arís, grma

    ReplyDelete
  2. Is maith liom an íomhá sa litir B seo, cibé atá ann: fleur de lis bunoscionn? Níl bhíonn ann de ghnáth ach daba datha.

    ReplyDelete