12 Eanáir 2011

idir mharbh agus bheo


misi mac in fir mairb ac triall a tir na mbeo

mise mac an fhir mhairbh ag triall (isteach?) i dtír na mbeo

Scríobhaí darbh ainm Eogan Óg a bhreac na focail sin síos sa Leabhar Breac (lch. 152). Dúirt sé ina dhiaidh sin “tabuir bennacht do raith m'anama, a duine trocairig eigin.”

Tá fadhb bheag againn anseo. Is minic a scríobhtaí “a” in ionad “i” sna lámhscríbhinní. Más amhlaidh atá sé sa chás seo, is féidir dhá bhrí a bhaint as an réamhfhocal “i” sa tSean-Ghaeilge, mar atá “in” agus “into”. Tá Eogan ag rá linn go bhfuil sé ag triall “i dtír na mbeo” - nó “isteach i dtír na mbeo”.

Más ionann “tír na mbeo” agus “Tír na nÓg / Tír na mBan / Tír Tairngire”, mar is iondúil inár litríocht, is ainm eile é ar an alltar, an saol eile, neamh, etc. Ach bheinn ag súil leis an réamhfhocal “do” sa chás seo: “to heaven, to the land of the living, etc.” in áit “into heaven”.

An é an chaoi gurb ionann “tír na mbeo” an saol seo a bhfuil daoine beo ann, ár saol laethúil sa nóta imill seo?


5 comments:

  1. Macalla de seo, ann seans?

    Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost.
    (1Co 15:22)

    ReplyDelete
  2. Nó seo:
    Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh – nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air.
    (Col 3:9-10)

    ReplyDelete
  3. Tá an chéad shliocht an-tarraingteach mar mhíniúchán.

    “... who is passing to the land of the living” an Béarla a chuir an Rev. Charles Plummer air thiar sa bhliain 1926.

    ReplyDelete
  4. Sliocht eile a rith liom:

    Dúirt fear eile leis, duine de na
    deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m’athair a adhlacadh.” Dúirt
    Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.”
    (Matha 8:21-22)

    Feicim iarracht aithrí sa nath aige.

    ReplyDelete