11 Eanáir 2011

essay question



“Níl an t-am atá thart thart ar fad. Bíonn cuid den am i láthair ann i gcónaí.” Pléigh.

Fuair mé an ráiteas gnómach seo ón údar Craig Childs i dteachtaireacht ríomhphoist an tseachtain seo caite (nach bhfuil caite ar fad, de réir dealraimh). I mBéarla a dúirt sé é, ar ndóigh: “The past never is just that, the past, it always has some present in it.”

8 comments:

  1. Mura bhfuil a fhios ag éinne beo gur tharla. Ansin, níl ann ach tualaing aige chun bheith i láthair an lae inniu. Ach ar an taobh eile de, bíonn éifeacht an fhéileacháin ann... Hmm.

    ReplyDelete
  2. Fiú ansin; is as an inné a d'fhás inniu. Ní gá bheith ar an eolas faoi chun bheith faoin anáil.

    ReplyDelete
  3. Beagnach gach neach agus gach ní thart timpeall orainn, bhí siad ann inné, nó san aimsir chaite.

    An é go dteagmhaíonn an aimsir chaite leis an aimsir láithreach nuair sheoltar neacha agus nithe na haimsire caite isteach san aimsir láithreach agus sa chaoi sin, go hinbhéarta, cuirtear gné láithreach leis an aimsir chaite?

    ReplyDelete
  4. Seans go bhféadfadh sé sin bheith fíor, a Ormondo...

    ReplyDelete
  5. Más rud atá ann, an pota thuas mar shampla, is ann dó fós agus tá an chré ann ag athrú ó nóiméad go nóiméad, ag an scála adamhach ar aon nós. Sin míniú amháin.

    Más fíric atá i gceist, Columbus agus fionnachtain Mheiriceá mar shampla, cuirtear leis an bhfíric, agus baintear di, gan stad in aigne an chine dhaonna. In fourteen hundred and ninety-two / Columbus sailed the ocean blue. Sin cuid den fhíric don a lán daoine!
    ;-)

    ReplyDelete
  6. Fionnachtain an fo-theidil ar an eagrán reatha de An Gael...agus scéal faoi Cholumbus (mar dhea) ann...

    ReplyDelete