03 Eanáir 2011

deatach as a bhéal


(Tá an íomhá seo inmhéadaithe le clic mar is iondúil.)

Seo sliocht as Leabhar Mór Leacain. Scríobhadh é ar imeall uachtarach an leathanaigh (f. 70v) mar aguisín le cuntas ar Dáithí mac Fiachrach (nó Nath Í, mar a thugtar air freisin). Píosa aisteach seanchais atá ann. Tá an teanga gar do Ghaeilge an lae inniu:

An tan tainig saighed ghealain do nemh chuigi co fuair bás 7 do cuiredar na sloigh spongc re lasadh na beol asa saoilfedh cách combeadh sé beo 7 gura bí a anáil do bheith ag techt amach tar a beol.

An uair a tháinig splanc thintrí de neamh chuige go bhfuair sé bás agus do chuir na sluaite sponc ar lasadh ina bhéal le go saoilfeadh cách go raibh sé beo agus gurbh é a anáil a bhí ag teacht amach as a bhéal.

Níor léigh mé faoin gcleas seo áit ar bith eile, ach ní bheadh ionadh orm dá mbeadh sé le fáil i scéalta eile ón mheánaois i dtíortha eile. Níl mé cinnte cé hiad na heochairfhocail ba cheart dom a úsáid le haghaidh cuardach Google.

7 comments:

  1. Cé na sluaite atá i gceist? An le linn catha a tharla?

    ReplyDelete
  2. Go bhfios dom bhí sé ag dreapadh na nAlp lena arm agus bhuail splanc tintrí é.
    "Díoltais Dé" a bhí ann toisc gur págánach a bhí sa Taoiseach fós.

    Is dócha gur chuir a mhuintir (na sluaite) an sponc ar lasadh ina bhéal.

    Go raibh míle maith agat as seo Dennis, seoid eile! Cad is féidir liom a rá..

    ReplyDelete
  3. Nach "Leabhar Mór Leacain" seachas "Leacáin" atá ar an leabhar ós rud é gur i Leacan a scríobhadh é?

    Níor mhaith liom a bheith ag ceartú blagmhíre iontach ach braithim dualgas éigin ós rud é gur dúchasach Leacain mé.

    ReplyDelete
  4. "Leabhar Mór Leacain"

    Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat, a Dh. “Leacáin” atá sa chlár ag ISOS / Meamram Páipéar Ríomhaire agus lean mé an litriú sin. Ach feictear dom anois gur tuaiplis atá ann. Athróidh mé an litriú sa bhlagmhír. Go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil, an bhfuil aon bunús staire leis na scéalta seo faoi thaoisigh Gaelacha a bheith ag trasnú na hAilp? Nó an amhlaidh go bhfuilimid ag sciobadh scéalta ón Völkerwanderung?

    (Rinne béaloideas na Gearmáine Dietrich von Bern as Theoderich na Staire; agus Etzel as Atilla)

    ReplyDelete
  6. an bhfuil aon bunús staire leis na scéalta seo faoi thaoisigh Gaelacha a bheith ag trasnú na hAilp?

    Ní dóigh liom é. Is léir, i gcuid de na scéalta, go ndeachaidh “Alpae / Alpa” (na sléibhte) agus Alba (an tír) trí chéile.

    coigeartú: trasnú na nAlpa (i nGaeilge an lae inniu)

    ReplyDelete