03 Eanáir 2011

cuairteoir sa chlós tosaigh



Thóg mé an pictiúr seo arú inné. Seabhac Cooper (Accipiter cooperii) atá ann, mura bhfuil dul amú orm. Ní fhaca mé ceann riamh sa chomharsanacht seo, ach ní raibh ionadh orm é a fheiceáil. Tá an seabhac seo sách coitianta ar fud Meiriceá Thuaidh.

Níl siad chomh meabhrach leis na préacháin (ná chomh callánach leo!) ach is eitleoirí iontacha agus sealgairí éifeachtacha iad. Itheann siad éin eile den chuid is mó. Bhí cúpla scréachóga gorma sa chrann seo díreach roimh theacht don seabhac. Chonaic mé ceann acu níos déanaí i bhfolach i dtom in aice leis an gcrann, é an-chiúin, a cheann crom agus a chírín íseal.



Seo pictiúr a fuair mé ó Íomhánna Google den éan céanna san aer.

2 comments:

  1. go hálainn.

    an bhfaca tú na héin a thit ón spéir in Arkansas ag an deireadh seachtaine?

    ReplyDelete
  2. Chonaic mé an t-alt ar an nuachtán ar maidin. Dúradh go mbeidh orainn fanacht le fáil amach céard a mharaigh iad. An rud céanna a mharaigh mo dhuine sa bhlagmhír thuas?

    ReplyDelete