14 Eanáir 2011

Conas a deirtear é?




Tá cathaoirleach nua ag an bPáirtí Poblachtánach anseo i Meiriceá. Bhí spéis agam sa nuacht seo toisc nach raibh barúil dá laghad agam conas a ainm agus a shloinne, Reince Priebus, a fhuaimniú. Cheadaigh mé Google, mar is gnách linn, agus tá a fhios agam anois. Rith sé liom, ag an am céanna, go bhfuil cúpla boc mór eile sa pháirtí céanna a bhfuil sloinnte orthu nach bhfuil chomh trédhearcach le Smith agus Dolan. Seo agaibh toradh mo thaighde:

Reince Priebus “Rynce Pree-bus” / rains 'pri:·bǝs /

Tim Pawlenty “Tim Puh-lenty” / pǝ·'len·ti: /

John Boehner “John Bane-er” / 'bei·nɚ /

Maidir leis an litir “ɚ”, is comhartha IPA í. “R rhotach” nó "guta R-dhaite" a thugtar ar an bhfuaim seo. Tá sí le fáil i níos lú ná 1% de theangacha an domhain. Yurok, mar shampla, teanga leathmharbh i dTuaisceart Chalifornia. Agus dhá theanga eile: Béarla Meiriceánach agus Mandairínis!

5 comments:

  1. Tá sé agam. Buuuuurrrr .... tá sé fuar.

    ReplyDelete
  2. Cén sórt Béarla Meiriceánach atá i gceist,a Dennis?
    Béarla ar an gcósta thoir?
    Nó Béarla mar atá againn i Wisconsin? Tá 'r' mór daingean againn i Wisconsin, ach níl an rud céanna ag na daoine i mBoston, mar shampla.

    ReplyDelete
  3. I mo chuid Béarla, gan dabht, .i. an Béarla caighdeánach atá le cloisteáil ar an teilifís. Cloisim an 'r' sin ar fud na háite, ó Mhontreal go San Diego. Ach níl sé sa Deisceart, go bhfios dom.

    ReplyDelete