30 Eanáir 2011

An bhfuil maith ar bith ann?


An teaghlach ríoga atá mé a rá.



“Luigh siar agus smaoinigh ar Shasana.”

Más féidir le duine cliste brabach a dhéanamh orthu, caithfidh sé go bhfuil ról acu sa saol seo fós... bíodh is go bhfuil siad chomh díomhaoin le damh san eadra an chuid is mó den bhliain.

7 comments:

  1. Nach sárú cóipcheart atá anseo? (Is maith liom an nath úd maidir le díomhaointeas daimh san eadra, cé go raibh orm é fhiosrú)

    Tá siad contúirteach dar liom - is cuid de panem & circenses an aos rialaithe iad. Ról Zaphod Beeblebrox acu ag tarraingt airde ó na rialaitheoirí.

    ReplyDelete
  2. Is maith liom an nath úd

    Tá ceann eile againn anseo atá an-chosúil leis: as useless as tits on a boar ~ chomh díomhaoin le didí ar chollach! Ní dóigh liom go gcloistear go minic é na laethanta seo. Is ó m'athair a chuala mé é.

    ReplyDelete
  3. "An" teaghlach ríoga?

    Tuige a bhfuil na Poncáin tógtha le teaghlaigh ríoga ar aon nós? Tnúth? Geamaireacht? Adhrach?

    Cíbe fúthu.
    Tarraingíonn siad turasóirí agus dolaerí.
    Níl an Sasanach amaideach.


    Fearn

    ReplyDelete
  4. Tuige a bhfuil na Poncáin tógtha le teaghlaigh ríoga ar aon nós?

    Is róchuma leis an gcuid is mó againn céard a tharlaíonn dóibh. Ní i nuachtán Meiriceánach a fuair mé an scéal sin.

    ReplyDelete
  5. Tcha! Dar liomsa, níl i dteaghlach ríoga Shasana ach pop-chéiliúráin, 'tabloid fodder'. Agus ní bheadh fadhb agam leis sin, ach amháin go maireann siad seo ar airgead an cháiníocóra.

    Ach dar ndóigh, ní bhaineann sé sin liomsa. Más mar sin is maith leis na Sasanaigh é, bíodh acu.

    ReplyDelete
  6. An nath a ritheann liom féin ná 'whatever turns you on'...

    Bealach eile le 'bíodh acu' a rá, is dócha!

    ReplyDelete
  7. "Is róchuma leis an gcuid is mó againn céard a tharlaíonn dóibh"

    Is ionadh liom go mbíonn daoine díograsach ag cur in iúl gur cuma leo iad. Sin ioróin domsa.

    Fearn

    ReplyDelete