22 Lúnasa 2010

an tríú lá ar an Olympic Peninsula



Rinne muid siúlóid os cionn Lake Quinault i mbrothall an lae. Nuair a tháinig muid go dtí an dara sruthán ag spalpadh anuas ó na sléibhte chun an locha, ní raibh mé in ann cuireadh an uisce a dhiúltú níos mó. Bhain mé mo chuid éadaí díom agus isteach liom san uisce oighreach!



Níl aon rud eile cosúil le huisce fuar ar lá brothallach!


Ag cnuasach fraochán dearg (red huckleberries) a bhí an bheirt eile, mo chairde Francacha.

7 comments:

  1. :) Maith thú a Dennis.
    Sin rud a smaoineamh mé faoi le linn siúlóide ar lá brothallach, ach ní raibh an misneach agam riamh.

    ReplyDelete
  2. Ba chóir go mbeadh rabhadh PG ar an bpost sin, a Dennis!

    ReplyDelete
  3. Fainic! Ta Galar Lyme ag na sceartáin sa choill ansin. Is cuimhin liom rabhadh ar na fograí os cionn Lake Crescent nuair a bhí mé ansin cúpla bliain ó shin.
    Ta súil agam nár thóg tú sceartáin ó na plandaí. Ta siad beag bídeach. Féach go cúramach ar do chraicinn!

    ReplyDelete
  4. Tá athas ormsa nach mba thong é!

    ReplyDelete
  5. Liz, nach tú an seargánach?
    ;-)
    Ní fhaca mé fógra ná fógra ann. An bhfuil an galar sin chomh coitianta sin dáiríre sna bólaí seo?

    ReplyDelete
  6. Níl an galar coitianta i Stát Washington, ach bíonn na sceartáin ina gconaí sna choill i bPáirc Olympic.
    Ní minic a shiúlann duine tríd an choill beagnach lomnocht. Sin an fáth nach bhfuil Galar Lyme coitianta anseo.

    ReplyDelete
  7. Ní fhaca mise aon sceartán ar a chraiceann...:-)

    ReplyDelete