25 Lúnasa 2010

stocaí & cuaráin



Creidtear go forleathan gur botún mór faisin é seo. Ach is minic a fheictear daoine ag caitheamh cuarán le stocaí sna bólaí seo. Déanaim féin é uaireanta. Cuid de fhéiniúlacht an Phacific Northwest é, in éineacht leis an Utilikilt™.



Tá fianaise againn anois go ndearna na Rómhánaigh an rud céanna! Tá seandálaithe ag obair ar shuíomh Rómhánach i Yorkshire Thuaidh faoi láthair. Fuair siad patrúin sa mheirg ar thairní i gcuarán a tháinig ó stoca nó ó rud éigin eile an-chosúil leis sin. Cuireann an fhianaise nua seo le píosa eile fianaise a fuarthas san Amhainn Tees i gCo. Durham cúig bliana ó shin, an cos rásúir thuas. Tá stoca olla le feiceáil go soiléir faoin gcuarán!

6 comments:

  1. Beidh áthas ar an nGarraíodóir an scéal seo a chloisteáil, agus sílim nach é an t-aon fhear amháin in Éirinn a bheas sásta é a chloisteáil, muise...:-)

    Mo chuimhne, a Dennis, chuir mé ceist faoin 'feisigh' sin, agus níl sé in úsáid i gConamara, feictear dom.

    ReplyDelete
  2. Mise i measc na bhfear sin. Cuaráin agus stocaí orm ó Bealtaine go Samhain, geal leis.

    ReplyDelete
  3. Tá sé deas le cloisteáil nach bhfuil sibh buartha faoi fhaisin ach dáiríre b'fhéidir go raibh sé ceadaithe le linn aois na Rómhánaigh ach níl sé ceadaithe sa lá atá ann inniu!

    ReplyDelete
  4. níl sé ceadaithe sa lá atá ann inniu!

    Au contraire.faux pas níos mó é, dar leis an tuairisc seo!

    ReplyDelete
  5. Gan dul thar fóir leis a Dhennis:

    Whether you are dying to show off bright floral, ruffled anklet, or simple thigh-high socks, there is a sandal out there that can transform faux pas into runway worthy.

    ReplyDelete
  6. B'fhearr liom faux pas faiseanta ná boladh bréan lá ar bith. Pé ar bith, mar innealtóir, nílim faoi chuing na bhfaisin.

    ReplyDelete