21 Lúnasa 2010

i bhfad ó Nua-Eabhrac


Seo trí ghrianghraf le tacú leis an méid a dúirt mé le Proinsias an lá cheana. Tógadh iad an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí mé i bPáirc Náisiúnta Olympic, cúpla uair an chloig siar ó Sheattle.

An radharc ó thuaidh ar bheanna arda na Páirce.


An radharc ó dheas ar an Strait of Juan de Fuca, le Ceanada ar an taobh eile.


13 comments:

  1. Go hálainn ar fad ar fad! Go raibh maith agat.
    Cén saghas aird agus ainm a bhí ar an sliabh a dhreap sibh?

    Tá an t-ádh leat go bhfuil a leithéid d'áit iontach chomh cóngarach duit.

    ReplyDelete
  2. “Hurricane Ridge” (1,585 ) an t-ainm atá ar an áit. Thiomáin miud go dtí ionad na gcuairteoirí agus ansin shiúil muid níos airde. Bhí a lán daoine ó thíortha eile ann, na Francaigh go háirithe - beirt acu in éindí linne. Chaith muid trí lá ar an leithinis Olympic. Cuirfidh mé cúpla grianghraf ó áiteanna eile ar an mblag.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Tá do ghrianghrafanna go hálainn, a Dennis.

    Agus bhí an t-ádh libhse maidir leis an aimsir. Is minic nach bhfuil le feiceáil ach ceo dlúth ar bharr Hurricane Ridge

    ReplyDelete
  5. An mbíonn logainmneacha dúchasacha ar fáil do na sléibhte agus raonta sna Stáit?

    ReplyDelete
  6. Tá ainmneacha dúchasacha - nó leaganacha díobh a chuaigh trí mhuileann an Bhéarla, le bheith beacht - ar a lán áiteanna sna Stáit. Tóg Seattle mar shampla. Is as Chief Seattle (Siʔaɬ sa teanga Lushootseed) a ainmníodh é. Tá ainmneacha a tháinig ón teanga sin ar fhormhór na lochanna is na n-aibhneacha sa cheantar seo. Murab ionann agus Éire, ní bhíonn dhá logainm ar áit, ceann dúchasach agus ceann Béarla, de ghnáth. Tá cúpla eisceacht ann, áfach: Mt. Kinley nó Denali atá ar an sliabh is airde i Meiriceá Thuaidh (in Alaska), agus tugtar Tahoma go neamhoifigiúil ar Mt. Rainier sna bólaí seo. Tá leagan eile den ainm céanna ar an gcathair Tacoma anseo. Tǝqúbǝd ó cheart, a chiallaíonn “sliabh a bhfuil brat sneachta air”.

    ReplyDelete
  7. Sin suimiúil faoi Seattle, ach an dtuigeann mórán daoine é sin? Cad é an tuiscint i measc an ghnáthphobail faoi theanga(cha) dúchais an cheantair?

    Nach bhfuil na dúchasaigh ag iarraidh aird a tharraingt ar na hainmneacha sin?
    I gceantair amhail Olympic National Park (cad é an t-ainm dúchasach?) ina bhfuil a lán treibheanna dúchasacha ann nach bhfuil siad ag iarraidh a dteanga a cur ar chomharthaí bóithre atá curtha suas ag an stát etc?

    ReplyDelete
  8. Ceisteanna maithe, a Dhubhaltaigh. Cuirfidh mé na freagraí i mblagmhír eile, in éineacht le cúpla grianghraf a bhaineann le hábhar.

    ReplyDelete
  9. Iontach a chara, go raibh míle.

    ReplyDelete
  10. Conas a fhuaimnítear Juan de Fuca? :-)

    Is iomaí logainm dúchasach atá againn anseo ar Inis Fada, ach is leaganacha truaillithe iad, mar is iondúil. San Iarthair, is iomaí áit a bhfuil dhá ainm uirthi i limistéir na nIndiach - beidh cúpla sampla sa chéad eagrán eile de An Gael, mar a tharlaíonn.

    ReplyDelete