18 Lúnasa 2010

Humptulips



Humptulips: an logainm is greannmhaire i Stát Washington. Tá an baile beag seo (daonra ± 200) suite ar chúl éaga in iarthar cian ceomhar an stáit. In ainneoin a bhige agus a chiandachta, chuir dhá úrscéalaithe mór le rá, Terry Pratchett agus Tom Robbins, spéis ann.

An t-ainm áiféiseach atá air ba chúis leis an aird, ar ndóigh. Is cosúil gur logainm Chehalis é, Xᵂǝmtúlapš ó cheart. Tá an focal -apš (= sruth) ann gan dabht, ach níl brí na coda eile soiléir anois.

5 comments:

  1. Saelis = Salish? Is teanga “Shaeiliseach” (Salishan) í Chehalis, Lower Chehalis sa chás seo, le bheith beacht. Tá cathair darb ainm Chehalis (shuh-HAY-luss) sa stát seo freisin.

    ReplyDelete
  2. Suimiúil. Teanga iontach deacair atá acu. Féach www.salishworld.com.

    ReplyDelete
  3. Tá na fuaimeanna cuibheasach deacair, gan dabht. Tig leat éisteacht le samplaí den teanga áitiúil, Lushootseed, anseo.

    Tá ainmneacha na n-ainmhithe le cloisteáil anseo. Bain triail as porcupine ~ qʷəq̓ʷalʼ agus mosquito ~ č́ic̕qs!

    ReplyDelete