25 Lúnasa 2010

Faithful Place



Ar léigh éinne agaibh an leabhar seo? D'éist mé leis an gclosleabhar ar na mallaibh. Tim Gerard Reynolds a léigh os ard é agus is dóigh liom go ndearna sé an-jab leis an reacaireacht. Is aisteoir cumasach é, duine atá in ann guthanna éagsúla a aithris gan dul thar fóir.

Thaitin an t-úrscéal féin go mór liom, cé nach raibh sé gan locht. Níl a fhios agam, mar sin féin, an mbeinn chomh gafa sin leis murach an dóigh ar léigh Reynolds é.

3 comments:

  1. Níl sé léite agam, a Dennis, ach níl aon leabhar léite agam le fada.

    Tá carnán acu le mo thaobh ar an deasc, agus ar na seilfeanna, agus táim ag dúil le ciúnas an Gheimhridh, go mbeidh deis agam mé féin a chur in aithne dóibh...:-)

    ReplyDelete
  2. Níor léigh.
    a Dennis, ar léigh tú na leabhair le Stieg Larsson fós?
    "Girl With the Dragon Tattoo" srl??

    ReplyDelete
  3. Léigh mé an chéad cheann. Bhí sé go maith. Ach, murab ionann agus an saol mór agus a mháthair, ní raibh deabhadh orm an dá cheann eile a cheannach.

    ReplyDelete