21 Lúnasa 2010

Fainic an lomán marfach!


An radharc anuas ón lóiste ag Kalaloch*

*Clay-lock a deirtear


An fógra ar an mballa sa chábán


Mise (sa chúlra) ag tabhairt dúshláin na lomán

8 comments:

  1. Táthar ann a déarfadh go raibh tú, ahem,barking mad...

    ReplyDelete
  2. A oiread san ábhar tine saor in aisce!

    ReplyDelete
  3. Tá Kalaloch an-deas i gcónaí. Chaith mé cúpla oíche sa lóiste i Mí na Nollag seo caite agus chonaic míolta móra san fharraige trí fhuinneog an seomra. Bhí an áit beagnach follamh ag an am. Bhí sneachta ann maidin amháin, agus clúdaíodh na lomáin.
    Ar thiomáin sibh go Forks, baile de 'Twilight' 'New Moon' srl??

    ReplyDelete
  4. Go hálainn. Cheapfá gur griangraf dubh agus bán é an ceann deireanach.

    ReplyDelete
  5. Maidin cheomhar a bhí ann, sin an méid!

    ReplyDelete
  6. An bhfuil cosaint ann dos na lomáin seo?
    Dá mbeidís ar thrá in Éirinn bheidís dóite sa range faoin am seo...

    An mbíonn éinne ag tonnmharcaíocht ann dála an scéil? Tá tonn dheas ghlan le feiceáil sa chéad ghrianghraf.

    ReplyDelete
  7. Cosaint? Níl a fhios agam. Ní dóigh liom é. Déanann daoine “campfires” agus tinte cnámha ar an trá uaireanta. Murab ionann agus Éire níl aon easpa crainnte againn sa taobh seo tíre. Má tá adhmad ag teastáil ó éinne, tá dóigheanna níos éasca ann len é a fháil seachas é a tharraingt aníos ón trá. Pé scéal é, níl a lán daoine ina gcónaí in aice leis na tránna seo ná áit ar bith eile ar an Olympic Peninsula.

    Maidir le tonnmharcaíocht, déantar é ar an gcósta anseo, cinnte. Ach is dóigh liom go dtéann an chuid is mó acu go La Push, níos sia ó thuaidh, ach níl mé cinnte.

    ReplyDelete
  8. Cosaint dhlíthiúil a bhí i gceist agam.
    Abhus, go bhfios domsa, tá cosaint ar fáil do dhair phortaigh. Cuireann na lomáin seo dair phortaigh i gcuimhne dom.

    Go raibh maith agat as an nasc. Spéisiúil go maíonn údar an ailt sin nach bhfuil tonnta maithe rialta le fáil ar an chósta áirithe sin!
    Ait, ós rud é go seolfadh aon lagbhrú amuigh san Aigéan Ciúin tonnta isteach go measartha rialta, go díreach mar an gcéanna le tránna California.
    Níl an tonnmharcach le trust!

    ReplyDelete