Chuir Dubhaltach cúpla ceist orm inné faoi dhearcadh an phobail ar theangacha dúchasacha Iascairt Washington:
“Cad é an tuiscint i measc an ghnáthphobail faoi theanga(cha) dúchais an cheantair?
Nach bhfuil na dúchasaigh ag iarraidh aird a tharraingt ar na hainmneacha sin?”
Na fíricí:
1) Shroich galair na nEorpach, an bholgach, an bhruitíneach, etc., an ceantar seo roimh theacht na Meiriceánach. Séard a fuair na daoine bána rompu nuair a tháinig siad isteach i lár an naoú haois déag ná tír a bhí leathbhán. Bhí na hIndiaigh ina mionlach ina dtír féin cheana féin.
2) Tá na teangacha a bhíodh á labhairt ag na bundúchasaigh marbh nó leathmharbh anois. Níl éinne fágtha anois ar féidir leis nó léi comhrá nádúrtha leanúnach a dhéanamh i Lushootseed, an teanga a bhí i réim cois na n-aibhneacha is na gcladach sa cheantar seo roimh theacht na Meiriceánach. (Níor chónaigh éinne sna foraoisí ag an am sin.)
3) Tá cuid de na hIndiaigh ag iarraidh na teangacha seo, an teanga Lushootseed go háirithe, a thabhairt ar ais anois sna scoileanna ar na reservations. Tá na tréibheanna Tulalip chun tosaigh sa togra seo. Is an-deacair an teanga í, áfach. Tá sí lán go béal le fuaimeanna nach bhfuil againn i mBéarla ná in aon teanga Ind-Eorpach eile. Ní féidir focal a fhoghlaim mura féidir leat é a rá!
4) Baintear úsáid “shearmanach” as Lushootseed i gcúpla áit anseo i Seattle. Tá na painéil seo le Hachivi Edgar Heap of Birds le feiceáil in Pioneer Square, i lár na cathrach, le beagnach fiche bliain anuas. Tá Lushootseed ar taobh amháin agus an t-aistriúchán Béarla ar an taobh eile den dá phainéal.
Is ón mblag Best Of a fuair mé na pictiúir seo. Thóg mé an pictiúr seo thuas inné ar champas Ollscoil Washington. Bhí an leabharlann dúnta le haghaidh “lá glantóireachta” mar sin bhí orm an grianghraf a thógáil trí fhuinneog ón taobh amuigh. Seo é an téacs iomlán:
Tá aistriúchán Béarla den abairt ar an mballa sa leabharlann freisin. Seo é i nGaeilge:
Tugann Fiach solas leis go dtí teach seo na scéalta.