Lá amháin bhí Cú Chulainn le taobh na Bóinne ina charbad. Bhí Lao mac Rianghabhra in éindí leis agus bhí sé ag déanamh chleas an naonúir, ag marbh na mbradán i Linn Feic. Chonaic siad fear beag in éadach corcra, agus é ina shuí i mbáidín cré-umha a bhí ag snámh gan iomramh. Thóg Cú Chulainn an báidín ina láimh agus an firín ann.
“Tá tú agam,” arsa Cú Chulainn.
“Is dócha,” ar seisean. “Tabharfaidh mé mo bhrat agus mo léine, a bhfuil buanna ar leith acu, duit mar luach fuascailte. Oireann siad do chuile dhuine, is cuma beag nó mór é. Ní féidir an duine a bhfuil siad air a bhá nó a dhó. Ní thiocfaidh meath orthu, ná ar an té a bhfuil siad air, agus beidh cibé dath is mian leis orthu."
“Tá siad agam cheana fein,” arsa Cú Chulainn.
“Tóg leat mo sciath agus mo shleá agus ní gheobhaidh éinne an bua ort agus ní ghortófar thú chomh fada agus a bheas an sciath agat mar chosaint."
“Is liomsa iad,” arsa Cú Chulainn. “Tá siad ar chroí mo bhoise."
“Tá tú ag tromaíocht orm,” arsa Seanbheag.
“Cén rud é sin agat?” arsa Cú Chulainn.
“Cláirseach bheag,” arsa Seanbheag. “An seinnfidh mé duitse í?”
“Ba mhaith liom sin,” arsa Cú Chulainn.
Chuir sé a mhéara thar na téada agus bhí Cú Chulainn ag caoineadh leis an ngoltraí. Sheinn sé geantraí ansin agus bhí Cú Chulainn ag gáire le lúcháir. Sheinn sé suantraí agus thit codladh trom ar Chú Chulainn. Chuaidh Seanbheag abhaile agus níor fágadh faic ag Cú Chulainn.