Seo sliocht as Annála Chonnacht don bliain 1405:
Seo é an téacs a bhfuil suim againn ann:
Risded Mag Ragnaill adbur taisig na nEolusach
quieuit iar n-ol usci bethad co himarcach
⁊ dob usci marbtha do Risded.
quieuit iar n-ol usci bethad co himarcach
⁊ dob usci marbtha do Risded.
Agus an téacs céanna i nGaeilge an lae inniu:
Risteard Mag Raghnaill, ábhar taoisigh na nEolasach,
fuair sé bás tar éisdó an iomarca uisce beatha a ól
agus ba uisce marfach do Risteard é.
fuair sé bás tar éisdó an iomarca uisce beatha a ól
agus ba uisce marfach do Risteard é.
Ach má thugann tú iarracht ar an téacs a leanúint ar an bpictiúr thuas, feicfidh tú nach bhfuil an leagan amach chomh simplí sin. Tosaíonn ár dtéacs leis an R mór (1), téann sé go deireadh an líne, ansin léimeann sé go dtí lár an líne os a chionn (2), ansin léimeann sé arís síos dhá líne go (3). Níl an líníocht seo ró-mhaith, ach is féidir na gluaiseachtaí seo a leanúint uirthi:
Cén fáth an léim suas? Toisc go raibh spás bán ar an líne sin, agus ba pheaca é gan spás bán a líonadh! Baintear úsáid as saghas noda ar a dtugtar “ceann faoi eite” le taispeáint gur lean an téacs thuas ansin. Tá an ceann faoi eite seo cosúil le S relaxáilte, ach bhí dóigheanna eile ann len é scríobh:
Feictear sna lámhscríbhinní go minic é.