25 Aibreán 2013

radharc ar na Manaigh



Seo íomhá nua den Triúr Manach leis an ealaíontóir JG O'Donoghue. Cliceáil uirthi, led thoil, mar tá sí níos mó ná a bhfuil le feiceáil thuas.

22 Aibreán 2013

graffiti agus lámhscríbhinní


Uaireanta cuireann na graffiti a fheicim in Seattle lámhscríbhinní Gaeilge i gcuimhne dom. Is minic a bhíonn sé deacair na litreacha sna LSS a aithint thar a chéile. Bíonn na graffiti níos deacra fós de ghnáth - domsa ar aon nós - toisc nach bhfuil comhthéacs dá laghad agam len iad a thuiscint.


DRUIMSUAMAIG
?


SUNNDARSAIDE
?


VENUE 
?


BERDS
?

10 Aibreán 2013

graffiti i nGaeilge



Nach deas an rud é beagán graffiti a fheiceáil inár dteanga? Is bruachbhaile de chuid Phárais é Saint-Denis, suite lasmuigh den chathair ó thuaidh.  An rud is tábhachtaí atá ann anois ná an Stade de France.

Seo é an balla céanna cúpla lá ó shin, roimh bhás an Iron Lady :



03 Aibreán 2013

Dá mba draoi é Dr. Who


Dá mba draoi é Dr. Who, ceapaim go mbeadh bosca teileafóin mar seo aige:



Ní raibh sé ann mí ó shin. Ansin nocht sé go tobann gan fhógra gan rabhadh i ndoire ar thalamh de chuid na hOllscoile, agus cosúlacht na haoise air.


Ach ag breathnú go géar air, áfach, is léir gur cuireadh láib is caonadh air le cuma chaite a chur air. Níl a fhios agam cé a thóg é, ach is léir anois gur píosa ealaín suiteála atá ann. Agus an-dea-dhéanta!


Fíorghloine atá ann, ní plaisteach, agus tá an chreatlach adhmaid gearrtha amach go cúramach.

02 Aibreán 2013

Meisce




Boladh beorach 
ón duilliúr úr 
san aer:
meisce.