Bhí seilide sa bhlagmhír roimpi seo. Tá sé chomh maith agam leanúint leis an ngastrapód.
Seo againn ridire ag troid le seilide.
Agus seo againn an rud céanna arís.
Mar is léir, maisíonn an dá phictiúr seo lámhscríbhinní ón meánaois. Is cosúil nach raibh an mhóitíf seo neamhchoitianta ag an am, dar leis an mblagmhír seo ón mBritish Library. Tá pictiúir eile mar seo le feiceáil ansin. Níos aistí fós ná na pictiúir iad féin, níl a fhios ag aon duine le cinnteacht an fáth a bhfuil siad ann. Cén scéal nó stair nó seanrá atá taobh thiar de na troideanna seo? Mistéir.
Thart faoin am céanna a chonaic mé na pictiúir thuas, chonaic mé an cartún seo a leanas ar an New Yorker. John Klossner a tharraing é. Cuid den cartoon contest a bhíonn ar siúl acu gach seachtain atá ann. Tugtar duais don duine a sholáthraíonn an caption is fearr.
Chuir an fhoscríbhinn a bhuaigh an comórtas sceitimíní orm nuair a chonaic mé í an chéad seachtain eile:
“I see you are unfamiliar with French mythology.”