18 Lúnasa 2013

Cad is aoir ann?


Má cheadaítear foclóir Gaeilge-Béarla, déarfar leat gurb ionann “aoir” agus “satire” nó “lampoon”. Ní scigaithris an chiall atá leis an aoir go bunúsach, áfach. Tá sainmhíniú beagáinín beag níos fearr le fáil san fhoclóir Gaeilge-Gaeilge An Foclóir Beag, mar atá “píosa searbh scríbhneoireachta a dhéanann ceap magaidh de dhuine nó de dhaoine.” Bhí aortha mar sin ann i bhfad ó shin, ceart go leor. Seo ceann gairid a bhfuil clú air:


Ro·cúala ní·tabair eochu ar dúana;
do·beir a n-í as dúal dó: bó.

Chuala mé nach dtugann sé eacha ar dhánta;
tugann sé an ní is dual dó: bó.

(Cliceáil anseo le tuilleadh a fhoghlaim faoin aoir seo.)

Ach is minic nach raibh greann dá laghad le fáil in aoir ar an seandéanamh. Séard a bhí ann de ghnáth ná mioscais , binb, tarcaisne, agus - minic go leor - mallacht. Tá an sainmhíniú is fearr den aoir Ghaelach le fáil i dteideal an amhráin seo leis The Ark

“This piece of poetry is meant to do harm.”

3 comments:

  1. I súile an bhreathnóra atá mioscais sách minic!

    I maith liom an aiste seo le Tucholsky maidir le aoir:
    'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'

    ReplyDelete
  2. Hmm. Suimiúil. Bhi cumhacht níos dírí ag an chaint sa seanaimsir, mar sin - ba leor drochmhéin agus níor theastaigh greann nó gliceas le dul i bhfeidhm ar an éisteoir?

    ReplyDelete
  3. Mar sin a bhí, is cosúil. Níl sa “chéad aoir a rinneadh in Éirinn” ach mallacht a thosaíonn mar seo:

    Cen cholt for crib cernene…
    Gan bhia go luath (ar) cheirnín (.i. mias)

    Tá an scéilín le fáil in Cath Maige Tuired agus i gcúpla áit eile. Rinne Cairpre mac Étaíne an aoir seo ar Bhres mac Elathan.

    ReplyDelete