02 Meitheamh 2013

cumas comhairimh




Téann droichead coise thar an University Slough. Bhí mé i mo sheasamh air an lá cheana, ag breathnú ar an uisce, ar na bacáin bhána* atá ag teacht ar ais ón ngeimhreadh, agus ar na lachain.  Bhí lacha amháin ina seasamh ar an mbóithrín cois na cuisle, ag vác-vácáil. Tháinig beirt éiníní chuici amach as na plandaí ar an toabh eile den chuisle. Lean sí uirthi ag vácáil. Tar éis tamaill tháinig beirt eile amach agus thrasnaigh siad chuici. Lean sí uirthi fós ag vácáil. Níor tharla tada. Bhí mé ar tí imeacht, ach bhí mé fiosrach. “Cén fáth a bhfuil sí ag glaoch fós?” Mar sin d'fhan mé mar an raibh mé. Tar éis cúpla nóiméad eile tháinig beirt eile a bhí i bhfolach sna plandaí amach astu agus shnámh siad chuici. Nuair a bhí seisear acu ar an mbóithrín stad sí ag glaoch, sásta go raibh an t-ál iomlán i láthair.

Sin an rud a chonaic mé, agus an tátal a bhain mé as an eachtra ná go bhfuil comhaireamh ag lachain!

*Nymphaea alba (nach raibh i mbláth fós): 



3 comments:

  1. Nó ar a laghad aithne acu ar a hál!

    Shamhlóinn go bhfuil ar a laghad an méid sin de chomhaireamh ag gach ainmhí.

    Ach an leor turgnamh amháin?

    ReplyDelete
  2. Sea alt deas: Is maith liom an nath - go raibh moncaithe níos fearr ná mic léin ollscoile (faoi chúinsí ar leith, is fíor, ach ...)

    ReplyDelete