13 Meitheamh 2013

An Gairdín Gluaiseachtach 2013


An Gairdín Gluaiseachtach 2013

Tá a lán plandaí éagsúla ag fás i leaba mo truiclín i mbliana. Tá an chuid is mó acu réasúnta íseal le nach ndéanfaidh an ghaoth dochar dóibh agus mé ag tiomáint. Ní turais fhada atá i gceist, pé scéal é, agus bíonn siad uilig ar shráideanna na cathrach, ní ar an mótarbhealach.

Níl an gairdín chomh taibhseach agus a bhí sé na blianta eile, ach is dóigh liom go bhfuil charme discret aige mar sin féin. Agus tá glasraí ann i mbliana!




5 comments:

  1. Is breá liom an smaoineamh seo!

    ReplyDelete
  2. cuma níos fearr ná mo chuid iarrachtaí laga féin! Nár laga Mor do lámh!

    ReplyDelete
  3. An-deas, a Dennis.

    An é sin chard i do ghairdín?

    Chuir mé aon phlanda amháin i mo ghairdín ar an deic i mbliana, agus tá go leor leor chard againn cheana. An bhfuil oideas maith agat a bhfuil chard ann?

    ReplyDelete
  4. Chard atá ann ceart go leor: seacht bplanda. Bhain mé a lán de aréir agus d'ullmhaigh mé go simplí é. Ghearr mé na duilleoga is rinne mé iad a sautéáil i mbeagán im is salann. Chuir mé steall vermouth tirim orthu, d'ísligh mé an tine, agus chlúdaigh mé an scilléad. Bhí siad réidh i gceann cúpla nóiméad. Chríochnaigh mé an chard (“biatas bán”) le beagán sú líoma. Blasta!

    Déanaim anraith vegan astu freisin, le gairleog, a lán cilantro, salann, piobar, lintilí Francacha (na cinn bheaga, glas nó dubh), agus sú líomóide. Cócaráiltear an t-iomlán go luath, leathuair an chloig nó mar sin.

    ReplyDelete