03 Aibreán 2013

Dá mba draoi é Dr. Who


Dá mba draoi é Dr. Who, ceapaim go mbeadh bosca teileafóin mar seo aige:



Ní raibh sé ann mí ó shin. Ansin nocht sé go tobann gan fhógra gan rabhadh i ndoire ar thalamh de chuid na hOllscoile, agus cosúlacht na haoise air.


Ach ag breathnú go géar air, áfach, is léir gur cuireadh láib is caonadh air le cuma chaite a chur air. Níl a fhios agam cé a thóg é, ach is léir anois gur píosa ealaín suiteála atá ann. Agus an-dea-dhéanta!


Fíorghloine atá ann, ní plaisteach, agus tá an chreatlach adhmaid gearrtha amach go cúramach.

2 comments: