30 Eanáir 2013

bia thús an earraigh?


Fromad cach bid
Promhadh (.i. tástáil) gach bia

Tá téacs againn sa lámhscribhinn Rawlinson B 512 i Leabharlann Bodleian in Oxford a deir linn céard iad na bianna atá oiriúnach nó traidisiúnta ag na laethanta ceann ráithe, Bealtaine, Lúnasa, Samhain agus Lá Fhéile Bríde. Chuir Kuno Meyer an téacs seo in eagar é agus d'aistrigh sé é. Tá an buntéacs ar fáil anseo, agus an t-aistriúchán anseo, a bhuí leis na daoine maithe ag UCD.

Seo iad go hachomair na bianna atá i gceist:

Bealtaine: leann, meacain (.i. cairéid, srl.), meadhg milis, gruth úr

Lúnasa: torthaí agus lusanna

Samhain: feoil, leann, cnónna, ispíní / ruipleog, bláthach, im úr

Lá Fhéile Bríde (Imbolc): “tástáil gach bia in ord” agus “ionladh láimhe is coise is cinn”

Ach céard go díreach is ciall le “gach bia in ord”? Is dócha nach raibh mórán bia úr le fáil ag an am sin den bhliain. An é an chaoi gur ith siad beagán de gach rud a bhí fágtha acu? Sa téacs seo (féach thíos) is iad “Fromad cach bid bís ind urd” na focail atá scríofa.  Is dócha go bhfuair Meyer “Fromad cach bíd iar n-urd” ó LS eile. Ach níl aon athrú céille i gceist dáiríre.

Fromad cach bid bís ind urd 
issed dlegar iar n-imbulc.
diunnach laime is coisi is cind
is amlaid sin atberim. A.

6 comments:

  1. "Is dócha nach raibh mórán bia úr le fáil ag an am sin den bhliain. An é an chaoi gur ith siad beagán de gach rud a bhí fágtha acu?"

    Is féidir gurb é sin atá i gceist le “gach bia in ord”.

    Chaitheadh na daone fadó an geimhreadh faoi phluideanna sa bhothán chun iad a chosaint ón bhfuacht agus ní dhéanaidís faic eile, geall leis. Ar an ábhar sin, gan dabht, bhí gá le h“ionladh láimhe is coise is cinn”.

    ReplyDelete
  2. Saghas spring cleaning / glantóireacht an earraigh?
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Sea, glanadh an Earraigh; glanadh seachtrach le huisce agus glanadh inmheánach le hanraith neantóige agus a leithéid eile. Mo sheanmháthair agus í dulta in aois, le tús Mhí Feabhra, chuireadh sí mo mháthair ag bailiú neantóga úra chun an cógas a réiteach di.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom anraith neantóige -- leagan an-simplí de le salann is prátaí nó le min choirce -- ach táimid i bhfad fós ó shéasúr na neantóg sna bólaí seo.

    ReplyDelete
  5. An-suimiúil--GRMA.

    ReplyDelete
  6. fwat ... níl aon trácht ar na pancóga?????

    ReplyDelete