20 Eanáir 2010

kenning quiz



Seo dornán kennings daoibh, idir shean agus nua:
  1. graí Mhic Lir = ?
  2. mac snámha = ?
  3. cailleach oíche = ?
  4. iníon gaoithe = ?
  5. adhbha rón = ? (NB: seal rookery atá air in FGB, ach bhíodh ciall i bhfad níos fileata leis)

16 comments:

  1. As mo sheasamh - nó as mo shuí - sílim go mb'fhéidir gurb ionann graí Mhic Lir agus garraí Mhanannáin is é sin an fharraige. An chuid eile? Níl aon tuairim agam ach go mb'fhéidir gur ainmhí de shaghas éigin an cailleach oíche. Éan?

    ReplyDelete
  2. 1. Tonnta
    2. Iascaire
    3. Ulchabhán
    4. Olagón/Caoineadh
    5. Farraige

    Agus tá gach seans ann go bhfuilim iomlán mícheart!

    ReplyDelete
  3. Adhbha rónta, reprise!

    Samhlaím ainmhí le mac snámha, agus le hiníon gaoithe, ach sílim go bhfuil dealramh le freagraí Áine, muise.

    ReplyDelete
  4. graí Mhic Lir = na tonnta
    mac snámha = an bradán
    cailleach oíche = an t-ulchabhán
    iníon gaoithe = an anáil
    adhbha rón = an fharraige

    An-mhaith, a Áine!

    Dála an scéil, conas a deirt tú “adhbha”?

    ReplyDelete
  5. Rith 'sciathán leathair' liomsa don chailleach oíche, ach is dócha gur sampla eile de kenning é an sciathán leathair céanna.

    ReplyDelete
  6. Tá cuma an kenning ar “sciathán leathair”, ach tá an fhadhb chéanna leis agus atá le “damhán alla” : níl focal eile againn ar “bat” agus “spider”! De réir mar a thuigimse é, séard atá sa kenning ná cúpla focal meafarach a úsáidtear i leaba an ainm choitinn.

    ReplyDelete
  7. Tá ialtóg ann ar an sciathán leathar, agus kenning eile: Bás dorcha!

    Féach Focal

    Tá fíodóir ar an damháin alla freisin, de réir Focal.

    Ach cad é an nath eile sin a bhí agat - noa, an ea - ach seachaint ainm rud a chreidtear dochar a bheith ann? Sílim go bhfuil sin i gceist leis an damhán alla.

    ReplyDelete
  8. Ceapaim go mbaineann polaiteoir nó dhó úsáid as 'noa' go rialta, a Aonghuis...:-)

    ReplyDelete
  9. "Dála an scéil, conas a deirt tú “adhbha”?"

    http://www.abair.tcd.ie/audio/20100121_125730_001.mp3

    ReplyDelete
  10. Is maith liom "mac snámha" le haghaidh an bhradáin. Bainfidh mé úsáid as an gceann sin arís.
    An bhfuil aon chinn eile ann le "mac" iontu?

    ReplyDelete
  11. @ Dubhaltach

    Ach má chuirtear “adhbha rón” isteach, seachas "adhbha" leis féin, faightear fuaimniú eile! Bheinn ag súil le /aiwǝ/ nó /awǝ/, ach níor chuala mé an focal riamh i Nua-Ghaeilge.

    ReplyDelete
  12. An bhfuil aon chinn eile ann le "mac" iontu?

    Tá “mac léinn” ann, ar ndóigh. Bhíodh “mic bháis” agus “mic mhallachta” ann dar leis an eaglais, chomh maith leis an “mac beatha”. Agus an "mac meá” (“macc meda” sa tSean-Ghaeilge) -- sin é an pótaire! Agus seo mac eile nach duine é ach cuid den duine: “mac imrisc” = pupil of the eye. Ní dóigh liom go bhfuil focal eile againn air.

    ReplyDelete
  13. Céard faoi macalla?

    (agus gan amhras mac tíre)

    ReplyDelete
  14. 'sea, deireann sí níos tapúla é, ach fós, cloisim "ébha"

    Cad is "mic bháis", "mic mhallachta" agus "mac beatha" ann?

    Is breá liom "mac meá", bainfidh mé úsáid as an gceann sin arís :)

    Sin ceann maith a Aonghuis, níor smaoinigh mé faoi roimhe. mac aille atá ann is dóigh?

    ReplyDelete
  15. Deamhan an mac mallachtan, go bhfios dom.

    Ceist a bhí i "macalla", níl fhios agam.

    ReplyDelete
  16. @ Aonghus - An ceart ar fad agat: son of cliff is ciall leis ó thús. Is aisteach an rud é go scríobh muid “mac léinn” mar dhá fhocal, agus “macalla” mar fhocal amháin. Ní dóigh liom go bhfuil aon difríocht ann maidir leis an mbéim.

    @ Dubhaltach -
    mac beatha = fíréan, eaglaiseach
    mac báis = a mhalairt!

    ReplyDelete