29 Márta 2015
Salvatore Quasimodo
Is breá liom an véarsa seo le Salvatore Quasimodo, file Iodálach a ghnóthaidh an Duais Nobel sa bhliain 1959. Thug mé iarracht ar Gaeilge an lae inniu agus Sean-Ghaeilge a chur air.
Ognuno sta solo sul cuor della terra
trafitto da un raggio di sole:
ed è subito sera.
Tá gach duine ina aonar ar chroí na talún
pollta ag ga gréine:
tagann an tráthnóna go tobann.
At·tá cách a oenur for cridiu in talman
tregthae la gae gréne:
ocus is lúath do-thét in fescor.
Subscribe to:
Posts (Atom)