Chonaic Cormac an fear i ndoras Theamhrach os a chomhair, ag labhairt le bean agus ise ag caoineadh. Chuaigh sé laistiar den fhear len a chlaíomh a nochtadh. Dúirt an fear leis, “Ná nocht claíomh dom ós mise reachtaire Mhac Con. Neachtan is ainm dom.” “Abair rud liom,” arsa Cormac. “Déarfaidh agus fáilte,” arsa an reachtaire. “Cén fáth a bhfuil an bhean ag caoineadh?” arsa Cormac. “Tá sí ag caoineadh,” a dúirt an reachtaire, “an bhreithiúnais a thug an rí uirthi, a chuid caorach a chailleadh toisc gur lom siad glaisin na banríona.” “Ba chóra,” arsa Cormac, “na caoirigh a lomadh. Níor thug ainbhreith riamh an fear a thug seo. Lig dom dul chuige.” Chuir an reachtaire na focail seo in iúl do Mhac Con. “Téigh chuige,” arsa Mac Con. “Is é a bheas i mo dhiaidh. Má tá fear de chlann Airt in Éirinn, is é an fear sin. Tagadh sé faoi mo choimirce le go bhfágfaidh mé Teamhair aige, óir ní liomsa í ó thug mé an breithiúnas sin. Tá mo ré thart. Tríocha bliain go dtí an lá inniu ó ghabh mé ríghe. Tagann an fear óg isteach. Cuireann Mac Con fáilte roimhe agus éiríonn sé roimhe. “Ní hea,” arsa an fear óg (Cormac). “Ní mise an rí chomh fada agus a bheas tú ann.” Tógann Mac Con a ghlúin suas.
Síochánaithe, dar leo féin...
15 hours ago