Seo íomhá nua den Triúr Manach leis an ealaíontóir JG O'Donoghue. Cliceáil uirthi, led thoil, mar tá sí níos mó ná a bhfuil le feiceáil thuas.
25 Aibreán 2013
radharc ar na Manaigh
Seo íomhá nua den Triúr Manach leis an ealaíontóir JG O'Donoghue. Cliceáil uirthi, led thoil, mar tá sí níos mó ná a bhfuil le feiceáil thuas.
22 Aibreán 2013
graffiti agus lámhscríbhinní
Uaireanta cuireann na graffiti a fheicim in Seattle lámhscríbhinní Gaeilge i gcuimhne dom. Is minic a bhíonn sé deacair na litreacha sna LSS a aithint thar a chéile. Bíonn na graffiti níos deacra fós de ghnáth - domsa ar aon nós - toisc nach bhfuil comhthéacs dá laghad agam len iad a thuiscint.
DRUIMSUAMAIG
?
SUNNDARSAIDE
?
VENUE
?
BERDS
?
10 Aibreán 2013
graffiti i nGaeilge
Nach deas an rud é beagán graffiti a fheiceáil inár dteanga? Is bruachbhaile de chuid Phárais é Saint-Denis, suite lasmuigh den chathair ó thuaidh. An rud is tábhachtaí atá ann anois ná an Stade de France.
Seo é an balla céanna cúpla lá ó shin, roimh bhás an Iron Lady :
03 Aibreán 2013
Dá mba draoi é Dr. Who
Dá mba draoi é Dr. Who, ceapaim go mbeadh bosca teileafóin mar seo aige:
Ní raibh sé ann mí ó shin. Ansin nocht sé go tobann gan fhógra gan rabhadh i ndoire ar thalamh de chuid na hOllscoile, agus cosúlacht na haoise air.
Ach ag breathnú go géar air, áfach, is léir gur cuireadh láib is caonadh air le cuma chaite a chur air. Níl a fhios agam cé a thóg é, ach is léir anois gur píosa ealaín suiteála atá ann. Agus an-dea-dhéanta!
Fíorghloine atá ann, ní plaisteach, agus tá an chreatlach adhmaid gearrtha amach go cúramach.
02 Aibreán 2013
Subscribe to:
Posts (Atom)