... agus ar pháipéar leithris anois! An t-úrscéal uafáis nua le Koji Suzuki atá mé a rá. Seo é an t-údar le cóipeanna dá úrscéal nua-fhoilsithe.
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEiVq3CnwmW_LTaa1VNxxFP3nS_7wW391eyqBP1eJmPZOH6d94NKUSXrSGA-DV-Cnp6oi4B7fmGmYOZxJlxtfBtRD1BU9-ROF-uIHXn5ov_b8iU34MyQSvIWJtMRcmlp1LG3GkuSkelWlGg/s400/tiolet-roll_1409754f.jpg)
Níl an t-úrscéal sin agam, ach tá rolla páipéar leithris eile agam a fuair mé mar bhronntanas Nollag an bhliain seo caite nuair a bhí mo dhuine in oifig fós. Tá seisean imithe anois, beidh an rolla caite roimh i bhfad agus ní bheidh a leithéid arís ann.
Is aoir é seo, ar ndóigh, ach cén cineál? Dar le seantéacs amháin tá “secht cenéla aíre la Féniu”. Ábhar é seo do theachtaireacht eile!