skip to main |
skip to sidebar
croí
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEjCPq-rX2nI3jsNoLCuy2MQfxLTDT1vriKv4t9vbtjoLBh4g5J8LOJPy-GEuYybDmn77I6NQcLPCN8yH06LPZr77t_bWxjVfUiZAHf19F1uX-tFdg_gfqxHdPAaUU5dpZTH9Y5F6A2cgkY/s400/cride1.jpg)
Séard atá againn anseo, tar éis na noda a scaoileadh, ná an focal cride: croí i Nua-Ghaeilge, agus cridhe fós i nGaeilge na hAlban. Bhain cuid de na scríobhaithe a lán úsáide as noda le níos mó focal a chur ar an leathanach. Bhí an meamram costasach, ar ndóigh. Thairis sin, is léir go raibh an-spéis ag cuid acu do na noda féin. Ba bhreá leis na scríobhaithe súgradh leo (.v.v. ag seasamh do Dáibhí, mar shampla) agus a gcumas iontu a thaispeáint.
Níl fágtha díobh anois ach giorrúchán amháin -- 7 -- an leathbhreac Gaelach den ampersand & . Is ón Laidin a fuair muid é. Tironian note is ea é ó cheart. Baintear úsáid as an uimhir 7 len é a scríobh ar an ríomhaire de ghnáth. Ach tá litir dá chuid féin ar fáil anois freisin, Unicode U+204A, cé nach bhfuil a lán ríomhairí in ann é aithint fós: ⁊ .
No comments:
Post a Comment