Uaireanta tagann abhainn báistí caol díreach ó na hOileáin Háváíocha soir ó thuaidh go dtí an Pacific Northwest. An Pineapple Express a thugann muid air. Tá an traein luais seo ar a gluaiseacht anois, ag iompar aer te agus a lán báistí chugainn. An teocht is ísle a bheas againn anocht de réir na réamhaisnéise ná 46° F. Tá radharc iontach glan ar “traein luais na n-anann” sa ghrianghraf satailíte seo, a tógadh tráthnóna inniu:
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgq78Tm8Z3oKQ5qTRZcqEqqHUbhUOzLJgRbwrbokC_OCW3nI7PDyyr8Bp-NQ0E5zdYdecHCJVSPRnnbQ906AFyc1-F0Z7PKeY5CHS7ghu7-zk0LzV6MvR6ulVrE1-Q3XSzBeT6b0P6GxkE/s400/pineapple.jpg)
Tá a lán báistí agus gaoth mhór againn anseo i mBellingham anocht.
ReplyDeleteNílim in ann na boscaí athchúrsáile a chur amuigh anocht. Bheadh gach buidéal is páipéar ar fud na sráide i gceann nóiméid nó dhó.
Sin thar cionn. Níor chuala mé faoi sin roimhe. Grma.
ReplyDelete