16 Eanáir 2010

tósta


Íosa ar thósta francach.


Íosa ar thósta cáise.


Íosa ar 153 phíosa tósta,

Cén fáth tósta? Tá míniú teicniúil ann, ar ndóigh: arán mar chanbhás + teas = marcanna “donn ar bhán”. A lán tósta = a lán marcanna. Agus a lán tósta = a lán iteoirí a bhfuil súile agus samhlaíocht acu. Et voilà.

Chuir an tósta seo uilig rud a dúirt Gandhi i gcuimhne dom:

“Dá dtiocfadh Dia i láthair daoine a bhí ag fáil bháis den ocras, ní bheadh sé de dhánacht ann é féin a thaispeáint dóibh ach i riocht bia.”

Support Doctors Without Borders in Haiti

4 comments:

  1. Ní fhaca mé an píosa sin ó Adam Shelton roimhe seo,a Dennis, agus nach iontach an píosa ealaíne é! Nár laga cibé Cé a lámh...

    ReplyDelete
  2. Meas tú an gcruthófaí saothair mar seo - a thitfidh as a chéile laistigh de chúpla lá - murach grianghrafadóireacht? N'fheadar bhfuil snáth eile ansin maidir le ealaín?

    ReplyDelete
  3. Chuir an píosa le Shelton píosa eile le Curtis Steiner anseo i Seattle i gcuimhne dom: portráid de chailín óg déanta as milseáin seacláide atá le feiceáil anseo. Níl fágtha de ach an grianghraf (atá an-mhór) atá sa siopa.

    Ach céard faoin bpéintéireacht thirim (nó péintéireacht ghainimh) a dhéanann an hatałii Navajo, an manach Tibéadach, agus daoine i gcultúir eile? Níl amharcealaín neamhbhuan mar seo i dtuilleamaí ar ghrianghrafadóireacht ar chor ar bith. Scriostar na pictiúir d'aon turas. Dúirt Felicity Crouch, an sagart, go mbeadh an pictiúr thuas atá déanta as tósta ar thaispeáint i dteach an phobail go ceann dhá sheachtain. Meas tú ar thug siad do na héin é ina dhiaidh sin? Is dócha go bhfuil ocras orthu leis an aimsir atá ann. Céard a dhéanfadh Naomh Proinsias?

    ReplyDelete
  4. Nach cuid de gníomh liotúirge saothar neamhbhuan na Tibéideach agus Navajo?

    Sé sin, is cuid lárnach den saothar a neamhbhuana, agus scriostar é ach an feidhm a bheith comhlíonta.

    Ní - go bhfios dom - cuid de traidisiún na Críostaíochta é sin! Ach cá bhfios.

    ReplyDelete