28 Eanáir 2010

“Gearr an scéal seo!”


Bíonn fotheidil ar bhlaganna (i gcónaí?), agus an ceann atá agam (thuas) ná “An seanchas gearr, an seanchas is fearr”. Thogh mé an nath sin toisc nach maith liom ailt fhada a léamh ná a scríobh. Tá mé díreach tar éis alt (atá beagán ró-fhada, le fírinne) a léamh ar
The Atlantic (ar líne) le George Bates. Níl a fhios agam cé hé, ach tá ard-mheas agam air toisc go bhfuil sé ar aon intinn liom. Deir sé go mbíonn ailt sna nuachtáin ró-fhada beagnach i gcónaí, go mbíonn siad “encrusted with conventions” nach gcuireann lenár dtuiscint den nuacht. Níl mé chun alt semi-fhada a scríobh ag athinsint i nGaeilge an méid atá le rá aige. Má tá suim agat ann, tá sé ar fáil anseo.

4 comments:

  1. Tagaim leat. Tá nuachtán Domhnaigh anseo ina mbíonn ailt de 2000 focal agus níos mó ann. Agus de ghnáth tá iriseoir nó dhó ag caint faoin rud céanna sna hailt eile!

    Ach má tá nuacht agus anailís san alt céanna bheadh sé deacair fanacht faoi 900 focal.

    ReplyDelete
  2. Is léir go bhfuil Strunk and White in easnamh ar na hiriseoirí.

    (Agus is mór an trua gan a mhacasamhail againn as Gaeilge)

    ReplyDelete
  3. Maraon leis an méad a bhíonn iontu, is minic nach féidir le duine sprioc an ailt a fháil go ceann cúpla paragraf nó níos faide. Drochscríbhneoireacht a bhíonn ann den chuid is mó, cinnte.

    ReplyDelete
  4. Sea, a Shéamais. Drochscríbhneoireacht... ach dea-iriseoireacht?

    ReplyDelete