10 Eanáir 2010

éoliennes




Éoliennes. Tuirbíní gaoithe i nGaeilge. Is breá liom fileatas an fhocail Fraincise, a thagann ón ainm Æolus ~ Αἴολος , Coimeádaí na nGaoithe. Agus is breá liom na tuirbíní féin, a gcruth agus a bhfeidhm. Is dóigh liom go bhfuil na trí lann i riocht triscéile agus an gas ard caol thar a bheith cuanna.


Agus is dóigh liom go bhfuil siad níos áille fós nuair a bhíonn a lán acu ann, tréad mór acu ag innilt na gaoithe le chéile.



Tá a fhios agam, áfach, nach bhfuil chuile dhuine ar aon intinn liom anseo. Nuair a mhol mé áilleacht an fhocail éolienne, séard a dúirt cara Francach liom fúthu ná « Ça n'a pas de rendement, et c'est moche ! »

6 comments:

  1. Cén tátal atá le baint as nath do chara? Níl Fraincis ró mhaith agam. Bhfuil sé ag rá nach bhfuil aon mhaith leo?

    ReplyDelete
  2. = Tá siad neamhthairbheach agus gránna.

    ReplyDelete
  3. Nuair a tháinig caisléain chuig an tír seo ar dtúis agus níba dhéanaí tithe móra na n-uaisle bhí na filí dá gcáineadh, a rá go rabhadar coimhthíoch gránna. Anois táid ag iarraidh na fothraigh agus na foirgnimh a chaomhnú mar is páirt dár n-oidhreacht iad. Is breá liomsa na muilte gaoithe nua - ach iad a choimead ó áiteanna speisíalta.

    ReplyDelete
  4. Le linn don bheirt again bheith sa Bhreatain Bheag:

    D’fhill sé ar an gcistin chun dul i mbun dinnéar a réiteach agus tháinig ógbhean, iníon leis, chun freastal orainn sa bheár.
    “An nimh aige do na tuirbíní,” a deirimse agus í ag líonadh cúpla gloine beorach dúinn. Chaith sí súil thart ar an seomra. Ní raibh ann ach muidne. Chrom sí im threo.
    “An bhfuil cloiste agat faoin rud ar a dtugtar “ancient lights”? ar sí.
    “Tharlódh go bhfuil,” a deirimse. “Ní cheadaítear foirgneamh a thógáil a bhainfeadh solas ó fhoirgneamh atá ann cheana féin gan cúiteamh a dhíol le húinéir an fhoirgnimh sin.”
    “Sin díreach agat é,” ar sí, “ach táid ann anseo a chreideann go bhfuil a leithéid agus “cearta gaoithe” ann. Creideann siad go bhfuil na tuirbíní ag lagú na gaoithe, ag baint a gcearta gaoithe ón muintir a chónaíonn ar thaobh fothana na dtuirbíní.”
    Chuaigh sé rite liom gan briseadh amach ag gáire ach mhúch mé é mar ba léir go raibh an ógbhean lán dáiríre.
    “Ní mór m’eolas ar an dlí sna bólaí seo,” a deirimse, “ach trácht ar bith ar chearta gaoithe níl cloiste agam go nuige seo.”
    “Well, cloisfidh tú fúthu amach anseo,” ar sí agus faghairt ina súile. “Ar chuala tú riamh faoi Shíomón Stylites?”
    “Nárbh in fear a chaith bunús a shaoil ar bharr colún cloiche?” arsa mo chéile.
    “Well, sul i bhfad, feicfidh tú fótó sna nuachtáin a mbeidh daoine ar bharra na dtuirbíní le feiceáil ann. Caomhnóirí na Gaoithe a bheidh acu orthu féin agus mar aidhm acu réabhlóid a adhaint ar fud na tíre, ach ní uaimse a chuala tú focal faoin bhfeachtas sin.”

    ReplyDelete
  5. Focal ar bith, grianghraf ar bith.

    ReplyDelete