02 Eanáir 2010

teoiric na bpónairí



Seo é an bia a bhí ar na plátaí aréir, dinnéar Lá Caille. Tá traidisiún ann a deir go mbeidh rath agat sa bhliain nua má itheann tú pónairí black-eyed ar Lá Caille. Tá an traidisiún seo an-láidir sa Deisceart, ach tá sé ag leathnú ar fud na tíre de réir a chéile. An teoiric atá taobh thiar de na pónairí ná gur cheart an bhliain a thosú le béile umhal neamhchostasúil. Níl aon rud níos umhla ná pónairí agus rís. Hoppin John a thugtar ar an dá rud le chéile, agus tá na mílte leagan de seo ann. Tá giota beag bagúin sa leagan thuas, in éindí le hoinniún agus piobar dearg. Rís dhonn atá ar an bpláta taobh leis. Is béile umhal é seo, ach ní béile gortach é ar chor ar bith. Bíonn a lán de ann i gcónaí agus tá sé an-bhlasta!

1 comment:

  1. Bhí hoppin john againn ach mar chuid amháin dár bhfleá. Mairtfheoil leasaithe agus cabáista srl. a bhí againn ina theannta, mar a tharlaíonn. Mmm mm mm.

    ReplyDelete