29 Eanáir 2010

giuirléidí Fhinn


Níl a fhios agam cé a rinne an pictiúr seo. (Tá an leagan seo de beagán éagsúil leis an gceann a phostáil mé inné anseo.) Tá sé an-chosúil le léaráidí eile a rinneadh sna fichidí agus sna tríochaidí den aois seo caite. Dúirt Dubhaltach gur thaitin sé leis, ach amháin “na maisiúcháin áiféiseacha ar a bhrat.” Tá sé níos measa ná sin, faraor. Tá tranglam mí-aimseartha de sheaniarsmaí ón Mór-roinn (ach amháin an Battersea Shield a frítheadh sa Thames, más maith mo chuimhne) le feiceáil anseo taobh le Fionn. Tá cuid de na foinsí curtha le chéile agam thíos, ach ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar chuid acu ar an idirlíon: an mhuc chosfhada ar an sciath, mar shampla.








2 comments:

  1. Ní mar sin a shamhlaigh mé Síothal Chaoilte (Duanaire Finn XVII). Ach níl aon droch-chuma ar an léaráid. (Dála an scéil, Fionn an mharbhfháisc ab fhearr liomsa!)

    ReplyDelete
  2. Saghas métis é an flagún cré-umha seo, a frítheadh i mBesançon. Allmhaire é de dhéantús Éatrúscach, ach cuireadh maisiúchán La Tène air ina dhiaidh sa Ghaill.

    Tá an Fionn is fearr leat le fáil sa scéal grafach An Tóraíocht.

    ReplyDelete