![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgbPBwZgpMg8r0rX4TW9tgFhU8BE0xZZ157fWnH1gmXOyUfd624vtrLylh2s32CRyQv7uB6NuZt46A34UMk3OFQlq-CUWT3rlaDZsIWg-anJ2BqTzJQUY_L9uURYrDaEPMkfsh-UcDVUdY/s400/temp520061.gif)
Comhairle a fuair mé ó mo mháthair nuair a bhí mé ag teacht aníos ná creideamh agus polaitíocht a sheachaint mar ábhar cainte agus mé ag déanamh comhluadair le daoine. Ach bhí an aimsir sábháilte i gcónaí. Bhí comráidí agam a deireadh “Large weather we're having!” go minic le mearbhall a chur ar dhaoine agus le ceap magaidh a dhéanamh den dea-chomhairle sin.
Tá a fhios againn nach bhfuil an aimsir, nó an aeráid ar aon nós, chomh hanodyne sin a thuilleadh. Pé scéal é, de réir Chliff Mass, guru na haimsire sna bólaí seo, beidh sé seo ar an Eanáir is teo dá raibh againn riamh i Seattle, le meánteocht de 47° F. Tá sé seo níos teo ná mar a bhíonn sé i Mí an Mhárta de ghnáth. Ag smaoineamh ar an ngairdín atá mé cheana féin!
Fuar atá sé anseo. Ach ó tharla an aimsir ina cheist pholaitiúil, ....
ReplyDeleteEanair 2010? B'é an ceann is fuaire abhus le 23 bliain anuas!
ReplyDeleteIs maith an scéalaí an aimsir. Fan go fóill...
ReplyDeleteTá an-difear idir an aimsir agus an aeráid, dar ndóigh.
ReplyDelete