24 Eanáir 2010

bróga Chinín


léaráid le Arthur Rackham

Iar mbeith don óinmhid achar éigin ar chaoi mheisce agus mhearaidhe ro chuireastair péire do bhrógaibh bláithe buinntiugha agus iad nua neamharsanta fóna cheann gur thuit ’a thoirchim suain; agus ro éirigh duine éigin don chóisir agus ro chuireastair péire do bhrógaibh preabánacha buinnbhriste in ionadh na mbróg mbuinntiugh mbláithleabhair ag Cinín. Iar n-éirghe do Chinín as a chodladh ar na mhárach gur chuir a lámh fón adhart go hiomathlamh agus go iomuaimneach gur tharraing an dá leathanchúarán láinbhriste sin chuige; gur ghabh sé dá mídheamhain agus dá móirfhéachain achar fada gur labhair go himshníomhach, “m’ulc is m’urbhchóide riom féin,” ar sé, “is mór an barr donais agus docharaigh dhamh gurab fearra do chaitheas mo cheann do bhrógaibh ináid mo chosa.” - cuid de chrosántacht le Tadhg Mac Dáire, in An Chrosántacht, le Alan Harrison

Tá ceist agam oraibh, a chairde. Ar chóir dom:
  1. an scéilín seo a fhágáil mar atá; nó
  2. gluais a chur leis; nó
  3. Gaeilge an lae inniu a chur air?
Thug mé leagan gairid den scéilín daoibh anseo dhá sheachtain ó shin.

7 comments:

  1. Gaeilge an lae inniu a chuir air - tar éis seachtain nó mar sin! (An bhfuair tú an leabhar cheana féin?)

    ReplyDelete
  2. Gaeilge an lae inniu a chur air. Le do thoil.

    ReplyDelete
  3. " gurab fearra do chaitheas mo do bhrógaibh ináid mo chosa.”

    An ionann "do" agus cloigeann, nó an bhfuil focal ar lár? Tá corrfhocal anseo agus ansiúd nach n-aithním. B'fhéidir go dtabharfaidh mé fé Gaeilge na linne seo a chuir ar mé fhéin, agus tig leat do bhreith a thabhairt!

    ReplyDelete
  4. Focal tábhachtach ar lár!

    gurab fearra do chaitheas mo cheann do bhrógaibh ináid mo chosa

    ReplyDelete
  5. @ Aonghus -- tús maith! Is léir gur thug tú brí na bhfocal leat tríd síos, ach amháin, ar ndóigh, “go hiomathlamh agus go iomuaimneach”. Is ionann é seo agus “go tapa agus go haclaí”.

    Cúpla ceann eile:

    preabánach = lán de phaistí
    mídheamhain = scrúdú

    Sea, fuair mé an leabhar cúpla lá ó shin.

    ReplyDelete
  6. GRMA. Iadsan curtha san áireamh anois.

    ReplyDelete