31 Eanáir 2010

Bríd



Brighit banfile

Brigit .i. banfile ingen in Dagdae.
Isi insin Brigit be n-exe .i. bandea no adratis filid.
Ar ba romor 7 ba roán a frithgnam.
Ideo eum deam uocant poetarum.
Cuius sorores erant Brigit be legis
7 Brigit be goibne, ingena in Dagda,
de quarum nominibus pene omnes Hibernenses
dea Brigit uocabatur.

Bríd, .i. banfhile, iníon an Daghdha.
Is ise Bríd bean éigse, .i. bandia a d'adhair na filí.
Óir ba ró-mhór agus ró-án an t-ómós a tugadh di.
Is dá bhrí sin a thugann na filí bandia uirthi.
Ba iad a deirfiúracha Bríd an bhean leighis
agus Bríd bean na gaibhneachta, iníonacha an Daghdha.
Is óna n-ainm a thugann beagnach gach uile Éireannach
Bríd ar bhandia ar bith.

Sanas Cormaic 150, curtha in eagar ag Kuno Meyer.
Meascan de Shean-Ghaeilge agus Laidin atá ann.


3 comments:

  1. Thar barr. An ait an rud é an Daghdha a bheith luaite le Bhrighid mar seo? Nach bhfuil an réamh-chríostaíocht á meascadh leis an gCríostaíocht? Nó an gléas fileata amháin atá i gceist? Fós féin nach raibh eagla ar an bhFile aird a tharraingt ar an bpágántacht óna tháinig Brighid?

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as sin a Dennis.

    ReplyDelete
  3. Cnuasach focal, focail ar chuir na scoláirí suim iontu toisc go raibh siad ársa, deacair agus/nó suimiúil, atá in Sanas Cormaic. Cuirtear i leith Chormaic Mic Cuileannáin é, rí AGUS easpag a fuair bás sa bhliain 908. Is léir gur tháinig na hiontrálacha ó fhoinsí éagsúla ag an am sin, agus cuireadh leis an gcnuasach i ndiaidh a bháis. Is deacair a rá anois cér scríobh an iontráil seo ar Bhríd, ach glacadh leis mar fhíric, nó mar chuid den seanchas ar aon nós.

    Tá scoláirí an lae inniu den tuairim go raibh bandia darbh ainm Brigit ann roimh theacht na Críostaíochta. Rinne Séamas Ó Catháin tagairt don “pagan goddess paraphernalia that Brigit brought trailing with her into the Christian era” sa leabhar The Festival of Brigit: Celtic Goddess and Holy Woman. Ba nós leis an Eaglais riamh jujumana na dtraidisiún eile a raibh sí ag iarraidh a scrios a ... mmm ... a shealbhú di féin: ardeaglais a thógáil mar a mbíodh teampall págánta (Rómhánach nó Aztec, is cuma), naomh a dhéanamh de dhia nó bandia, féile eaglasta a chur in áit ceiliúradh neamhchríostaí, etc.

    Is cosúil go raibh a lán iarsmaí den seantraidisiún beo fós sa naoú haois agus go raibh lucht léinn na haoise sin in ann é sin a aithint go neamhbhalbh. Ba Críostaithe iad faoin am sin, ach bhí siad mórtasach as a seanchultúr féin san am céanna.

    ReplyDelete