28 Meán Fómhair 2011

“On the Origin of Tepees”



Seo leabhar a cheannaigh mé mar eagrán Kindle do m'iPad cúpla lá ó shin. Níl ach trian de léite agam fós, ach sílim gur féidir liom é a mholadh daoibh mar sin féin. Nó dóibh siúd, ar aon nós, a bhfuil suim acu sna trí chomhábhar den leabhar a tharraing m'aird air i dtosach agus a thaitníonn go mór liomsa anois:

1.
méimeanna: a saol agus a n-éabhlóid

2.
turais bhóthair in Iarthar ollmhór Mheiriceá

3.
típíonna

1. Tá mé i mo chreidmheach ó léigh mé The Meme Machine le Susan Blackmore sa bhliain 1999.

2. Bhí an-dúil agam riamh sa bhóthar oscailte agus i dturais a thosaíonn i stát amháin agus a chríochnaíonn i stát eile i gceann cúpla lá eile. Thosaigh an Sasanach Jonnie Hughes agus a dheartháir Ads (Adam) i Minnesota ag tús an leabhair agus tá siad i Montana anois (.i. mar a bhfuil mé anois sa leabhar), tar éis dóibh na Great Plains a thrasnú. Sin turas nach ndearna mé riamh, mar sin tá an-suim agam sna rudaí is sna daoine a chonnaic siad.

3. Maidir le típíonna, bhí mé craiceailte ina ndiaidh ó léigh mé The Indian Tipi: Its History, Construction, and Use daichead bliain ó shin. Ar an drochuair dom, ní mhaireann an canbhás i bhfad in aimsir thais Sheattle, mar sin ní raibh ceann agam riamh. Ach téim isteach i dtípí ar bith atá ar fáil agus mé ag taisteal ar an taobh eile de na sléibhte Cascade (an taobh tirim). Is iontach an spás é!

Mar fhocal scor, tá On the Origin of Tepees greannmhar chomh maith le dea-scríofa agus meabhrach.

No comments:

Post a Comment