09 Meán Fómhair 2011

“uch a thaig”


Seo nóta imill eile as an lámhscríbhinn Dii 1 (Acadamh Ríoga na hÉireann). Tá súil agam go mbeidh duine éigin in ann dhá fhocal sa nóta seo a scríobhadh le noda a aithint. Tá mé á chur seo faoi bhráid bhallra Old-Irish-L freisin.

NB: A bhuí le Neil McLeod, atá ina bhall den liosta Old-Irish-L, tá tuiscint níos fearr agam ar an téacs seo. Mhínigh sé nach é an spiritus asper (ponc, i bhfocail eile) atá os cionn na litreach ‘t’ ach ‘u’ beag. Nuair atá guta ina sheasamh os cionn consain, is féidir an litir sin a léamh mar ‘r-guta’ nó mar ‘guta-r’. Sa chás séard atá againn ná “truaigh”.

Tá an riail seo fíor i gcás na litreach ‘c’ a bhfuil an guta ‘e’ scríofa os a cionn. Ba cheart é a léamh mar “na cré”.


uċ atruaig aḟetal maiṫ nadein uaill

uch a truaigh a fhetal maith nā dein uaill


atainic romad at-id nacre

atāinic romhad atáid na cré


7 beirsi fein atruaiġ

agus beir sī fēin a truaigh

Is dócha gurb ionann “a fhetal” agus “a eudail = a thaisce, my darling” i nGaeilge na hAlban. Nod libh go bhfuil an focal “éadáil = brabach, creach, saibhreas” againn fós i nGaeilge na hÉireann.

Is féidir “na cré” a thuiscint mar “ina gcré”. Maidir le “beir sí” nó “bheir sí”, feictear dom gurb í an chré atá i gceist.

No comments:

Post a Comment