10 Meán Fómhair 2011

teirmiméadar féilíneach


Is teirmiméadar é Michael.


Tá riail ordóige againn sa teach seo. Nó riail chait. Dá theo é an lá is ea is faide é an cat. 80°F / 27° C a bhí sé sa seomra nuair a thóg mé an grianghraf seo tráthnóna inniu.

3 comments:

  1. Is cuma teas nó fuacht ann, níl cuma na himní ar an gcat sin..:-)

    ReplyDelete
  2. Bhí an t-earrach fuar sna bólaí seo, agus bhain moill don samhradh. Agus anois tá an aimsir i bhfad níos teo ná mar is iondúil. 83F/28C atá geallta dúinn inniu. Ach deirtear go mbeidh sé sna seascaidí faoi dheireadh na seachtaine. Inniu, áfach, tá muid in Hawai’i!

    ReplyDelete