04 Meán Fómhair 2011

Inniu an chéad lá den saol atá romhat.





Is indiu cétlá int ṡaeguil fil remut.

Inniu an chéad lá den saol atá romhat.

An cuimhin libh an “nath inspioráideach” seo a bhí ar fud na háite tríocha bliain nó níos mó ó shin? This is ... of the rest of your life? Deir Wiki gurbh é Chuck Dederich a chum é nuair a bhí Synanon, an clár athshlánúcháin ó dhrugaí a bhunaigh sé i nDeisceart Chalifornia, i mbarr a réime agus i mbéal an phobail thiar sna seascaidí.

Thiontaigh Synanon ina chultus cuasai-reiligiúnach de réir a chéile agus faoi mheán na seachtóidí cuireadh an dlí air as drochíde na mball agus as coireanna eile (iarracht ar dhúnmharú ina measc). Thit Synanon as a chéile, ach mhair an nath. Seo agaibh m'iarracht ar Shean-Ghaeilge a chur air.

4 comments:

  1. Nath cloiste agam go minic ach níor chuala mé roimh trácht ar Synanon.

    ReplyDelete
  2. Tá tú i bhfad ró-óg, agus ní i gCalifornia a tógadh thú.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Nílimse ró-óg, ach níor chuala mise iomrá ar an bhfear sin ach an oiread!

    'A journey of a thousand miles begins with a single step' an nath a thaitníonn liom féin..:-)

    ReplyDelete