12 Meán Fómhair 2011

gealach na gcoinleach & feis na gealaí


an ghealach lán sa Phacific Northwest

Anocht oíche ghealach an fhómhair. Níl sé ach a seacht a chlog anseo i Seattle anois, mar sin ní fhaca mé fós í. Fuair mé teachtaireacht ríomhphoist ó mo chara Audrey ag meabhrú dom go mbeadh an ghealach go hálainn anocht.

Dúirt sí gur thug sí cáca gealaí dá tuismitheoirí inné, mar iníon mhaith Shíneach. Agus go raibh sé chomh trom le cloch: lán de shiúcra, lotus seed paste agus calraí. Ach ní raibh buíocán ó ubh shaillte lachan sa cháca a cheannaigh sise, mar atá sa cheann seo thíos. Siombail na gealaí lán atá sa bhuíocán.


cáca gealaí ~ 月餅

Is cuimhin liom na cácaí seo (gan an bhuíocáin) ó laethanta m'óige, nuair a fuair muid iad ón Eastern Bakery i San Francisco. Bhí an-dúil agam iontu ag an am sin. Ach bhí an-dúil agam i gcíste torthaí ag am sin freisin! Trom agus milis, yum?

6 comments:

  1. Cén gnás eile a bhaineann leis an ré seo? Féile Fómhair?

    ReplyDelete
  2. Ba cheart duit túis a a dhó do na déithe. Agus féachaint ar an ngealach, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil.

    Nach mbeadh sé iontach dá mbeadh a leithéid de rud ann agus cáca milis gan chalraí..:-)

    ReplyDelete
  4. Chonaic mé an ghealach an oíche cheana agus ní raibh a fhios agam cén fáth go raibh sé lánbuí. Bhí sé fíorálainn.

    ReplyDelete
  5. Cuireann an cáca sin cáca Chester i gcuimhne dom.

    An bhfuil fhios agat, a Dennis, cad is cáca Chester ann?

    ReplyDelete
  6. An ionann é sin agus “chess pie”, ach gan an mhin bhuí? Ní bhfhaightear chess pie sna bólaí seo de ghnáth, ach tá sé sách coitianta sa Deisceart. Níl mórán ann ach im, uibheacha, siúcra, agus beagán min bhuí agus fínéagar. Trom, trom, trom, milis, milis, milis!

    ReplyDelete